fearthainneach
—aidiacht
—
fliuch gaofar; ceathannach; múrannaí agus gaoth.
·
Aimsir fhearthainneach í. Tá sí go dona ag arbhar. Scoirfidh sí as éadan é
Lá fearthainneach go leor a bhí sa lá inné. Ba bheag nár phréach sé mé. Bhí mé ar aghaidh na riteachta ansiúd thuas
·
Má chothaíonn sé fearthainneach mar seo, ní thriomóidh aon fhód móna ná aon tsop féir. Dhá dtugadh sé seachtain fhéin uaidh, ní bheadh aon chailleadh air