Fearúint
—Báisteach agus "ag báisteach", "ag báistigh" an focal is mó atá ar "rain" "raining" ar fud na Gaillimhe anois. Ach tá "fearthainn" ann fós go háirid ar an Achréidh. I gcuislí ann sé a chloisfeá ar fad, ach is iomdha áit a bhfuil an dá fhocal, thart ar Bhaile an Chláir cuirim i gcás, agus síos go Tuaim, cé gur "fearthainn" is mó atá taobh thoir agus ó dheas de Thuaim. "Ag fearúint" adeir siad le "ag báisteach" in áiteachaí san gceanntar sin .i. ag Cúilairne in aice an Turlaigh Mhóir. I gConamara fhéin, níl "fearthainn" baol ar seirghe, go háirid i leagan sheasta
—
+–
Tá sé ag fearúint aríst = ag báisteach; b'fhéidir nach mbeadh sé ach ag tosaí, agus nach mbeadh gaoth ar bith léithe
Bhí sé ag fearúint ar a thiacht isteach dom. B'ait liom an chith a leigint tharm. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
TUILLEADH (6) ▼
Beidh sé ag fearúint mur seo go dteighe an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí indáil le caití. Tá sí ar an gceathrú dheireadh, dar liom féin.
Fan istigh fhad's bhéas sé ag fearúint mur sin. Beidh tú cailltí má thugann tú an bóthar ort fhéin anois
Tá sé ag fearúint. An bhfeiceann tú na cnoic? = tá an ceó ag cárnadh ar bharr na gcnoc agus é ar bhéal báistí (Glinnsce: Cárna)
Tháinig an rosamh sin isteach den fhairrge scaithín ó shoin. Tá sé ag fearúint san taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beóla
Níl a fhios amach nach lá é a thiocfadh in a dhórtadh. An bhfeiceann tú ag fearúint cheana é amach údan?
Tá riascannaí ceó ag imeacht, agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shidhe anois. Déanfaidh sé múr annseo fhéin