fearúint
—báisteach agus ag báisteach, ag báistigh an focal is mó atá ar rain, raining ar fud na Gaillimhe anois. Ach tá fearthainn ann fós, go háirid ar an Achréidh. I gcuislí ann 'sé a chloisfeá ar fad, ach is iomaí áit a bhfuil an dá fhocal, thart ar Bhaile an Chláir cuirim i gcás, agus síos go Tuaim, cé gur fearthainn is mó atá taobh thoir agus ó dheas de Thuaim. Ag fearúint adeir siad le ag báisteach in áiteachaí sa gceantar sin .i. ag Cúl Árann in aice an Turlaigh Mhóir. I gConamara fhéin, níl fearthainn baol ar seargtha, go háirid i leagan sheasta.
—
+–
Tá sé ag fearúint aríst — ag báisteach; b'fhéidir nach mbeadh sé ach ag tosaí, agus nach mbeadh gaoth ar bith léithe
Bhí sé ag fearúint ar a theacht isteach dom. B'ait liom an chith a ligint tharam. Meireach sin ní thiocfainn isteach chor ar bith
TUILLEADH (6) ▼
Beidh sé ag fearúint mar seo go dté an ghealach amach. Ba chóir go mbeadh sí i ndáil le caite. Tá sí ar an gceathrú dheiridh, dar liom féin.
Fan istigh fhad is bheas sé ag fearúint mar sin. Beidh tú caillte má thugann tú an bóthar ort fhéin anois
Tá sé ag fearúint. An bhfeiceann tú na cnoic? — tá an ceo ag carnadh ar bharr na gcnoc agus é ar bhéal báistí (Glinnsce: Carna)
Tháinig an rosamh sin isteach den fharraige scaithín ó shin. Tá sé ag fearúint sa taobh amach anois. Tá caipín ar na Beanna Beola
Níl a fhios amach nach lá é a thiocfadh ina dhórtadh. An bhfeiceann tú ag fearúint cheana é amach údan?
Tá riascannaí ceo ag imeacht agus tá sé ag fearúint ar an gcnoc. Is gearr go bhfeice tú an tuile shí anois. Déanfaidh sé múr anseo fhéin