Feasta: Feastain
—Doibhriathar
—an dá leagan: tá focla ar nós teachtain .i. teacht, ann
1.
anois; an t-am seo.
+–
Leigí isteach feasta mé = tá mé cho fada annseo (tá sé cho fada ó a d'iarr mé mo leigean isteach) agus go bhfuil sé in am mé a leigean isteach (ní: "as seo amach")
Seas deoch feasta = tá tú cho fada annseo agus go bhfuil sé in am agad deoch a sheasamh
TUILLEADH (16) ▼
Ba cheart go mbeadh an béilí réidh feastain. Ní fhéadfadh mórán eile moille a bheith air
Tá sé in am aige a theacht feasta marar coinníodh aon-mhoill air
Fág seo abhaile feasta = tá sé in am a dhul abhaile anois
Eirigh in do shuí feasta agus teirigh amach ag obair = tá sé in am agad eirí in do shuí
Shílfeá go scuirfeá feasta = shílfeá go bhfuil sé in am agad eirí as obair
Shílfeá go mbeadh an cogadh céanna thart feastain
Ól braon tae feasta. Tá ceart agad a bheith stiúcha leis an ocras
Ba cheart duit do bhéal a dhúnadh feasta. Tá tú in do chlaibín muilinn ó tháinig oíche = tá sé in am agad
Is ceart duit do dhóthain scoile a bheith agad feasta. An bhfuil na cheithre bliana déag sáraithe agad? = tá sé in am agad do dhóthain fólaime a bheith agad
Imeómuid. Ní féidir nó tá an ghealach in a suí feasta
Sé díol an diabhail é mara bhfuil sé críochnaithe feasta (.i. anois nó roimhe seo). Níl aon-sop féir san tír nach mbeadh bainte agam fhéin ó a thosaigh sé air sin
Tá sé in am agad tuirse a bheith ort feasta, agus cho moch agus a thosaigh tú ag obair inniu
Ní fhéadfadh an mhóin gan a bheith tirm feasta agus an farradh a fuair sí le coicís
Is diachta dhuit gan do chuid "lessons" a bheith fólamta agad feasta agus thú leó ó ard-tránóna
Is ceart don fhéar a bheith ag fás feasta (anois nó roimh an am seo)
Pós feasta a scraiste = tá sé in am agad pósadh
2.
as seo amach: san am atá romhainn.
+–
Beidh an t-Earrach againn anois lá ar bith feasta = as seo amach
Tá an Nollaig ar dhort abhaile lá ar bith feasta = tá sí ag tarraint orainn
TUILLEADH (13) ▼
Lá ar bith feasta d'fhéadfadh duine a dhul ag baint mhóna = lá ar bith anois; lá ar bith as seo amach
Ní tráth áirneáin é feasta. Tá na laethanta ag dul chun síneadh
Rachaidh mise faoi dhuit nach ndéanfaidh sé é feasta = in future
Caillfidh sé allas feasta má tá sé ag obair ar "scím" na móna = in future; from this on
Is an-fhear a bhéas ann feasta, má tá an t-ól caite in aer aige
Deir siad nach mbeidh aon-chogadh ann feasta ab ea? Is dona a chreidfinn é. Nach raibh cogaíochaí ann ariamh?
Ní chuirfidh mé araoid ar bith ort feasta. Do chomhairle fhéin a mhic ó.
Deir sé nach gcuirfidh sé fata ar bith feasta. Ar mhóin a ghabhfas sé ar fad
Más leat aon-chúis a dhéanamh feasta, níor mhór duit a bheith san áirdeall air seo thoir. Tá sé do do bhánú
Uair ar bith feasta (in future) dá dtiocfaidh tú thart annseo teara chugam. Ná bí coimhthíoch orainn
Oíche ar bith feasta dhá mbeidh sé romhat, ná tabhair aon-chomhlódar dó
Uair ar bith feasta dhá gcasfaidh sé leat, ná breanaigh san taobh a mbeidh sé. Ní deá-ailím ar bith é sin
Ara diabhal saighdiúr ar bith a bhéas sna cogaíochaí feasta ach ínntreachtaí nua mar sin a leagfas bailte móra d'aon-phléisc amháin
+–
Shílfeá go mbeadh ciall agad feasta choíchin = tá sé thar am agad ciall a bheith agad; tá do dhóthain mhór aoise agad le ciall a bheith agad
Shílfeá go mbeitheá in don bord feamainne a líonadh feasta choichín
TUILLEADH (8) ▼
Mara bhfuil sé de rath ort marcaíocht a bhaint d'asal feasta choichín ná bac leat fhéin. Nach bhfuil tú trí bliana déag?
Mara bhfuil sé indon é fhéin a bhearradh le rásúr feasta choichín, ní dhéanfaidh sé go deó é. Ara dheamhan gus ann mar bheadh i ngearrbhodach
Tá tú gan bróga feasta choíchin? Agus gur gearr go dtosaí tú ag cúirtéaracht. Gabh abhaile agus abair go ndó tú an teach mara gcuire siad péire bróg ort!
Tá sé in am agad Béarla a bheith agad feasta choíchin, agus cho fada agus atá tú ag dul 'na scoile
Níl a fhios aige céard é liathán feastain choíchin! Cheal nach bhfaca sé aon-liathán ariamh! Dar fiadh muise tá leathcheanna ar an saol fós féin!
Is deas an buachaill óg thú feasta choíchin ag bualadh malraigh. Nach mór an comórtas dóibh thú! Do leithide de rúscaire ag leagan barr do láimhe ar ghasúr naoi mbliana! = you are a nice young man at your age
An "cailín beag" a thug sé uirre! Is deas í mo chailín beag muise feasta choíchin! Ní hea ach thar am pósta fhéin atá sé aice. Dheamhan lá ná leigeann de na chúig bhliana déag agus fiche nach bhfuil sí!
Is breá í mo bhudóg dhá bhliain feasta choíchin. An síleann tú nach bhfuil scil i mbeitheach agam. Seo go bhfeiceamuid a drad!
Féach freisin
→
feastain
Feasta in iontrálacha eile (50+)
+
→
fara
Sílim go bhfuil a sheal tugha anois (sean-chlog). Sí an fhara a áit feasta
TUILLEADH (1) ▼
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó thárla) nach bhfuil sé indon aon-cheo a dhéanamh
+
→
fios
'Ar ndú ba cheart go mbeadh fios na rólachaí agadsa feasta. Tá tú sách fada ag dul go dtí oifig an "dole" ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
Sén diabhal é, nó tá fios na rólachaí aige feasta choichín, agus cho fada agus atá sé taithí ann. Ach ní duine é a bhfuil aon-mheabhair ann cheapfainn
Ba cheart duit fios do cheirde a bheith agad feasta
Mara bhfuil fios do ghnatha agad fhéin feasta choichín, tá sé fánach agamsa a dhul dhá innseacht duit
→
fáir
Scríobhadh aige (chuige) tá mí ó shoin, ach níor fríothadh fáir ná freagra uaidh ó shoin. Marach gur anshógh eicínt atá air scríobhfadh sé feasta. Ní raibh an oiread seo moille ariamh air
Eirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa, feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionad
+
→
féar
Seogaí a scraistí! Eirigí feasta ag obair! Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
TUILLEADH (1) ▼
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agad fios a bheith agad air feasta. Tán ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
→
carcair
Tá sé in am aige, feasta an charcair mhór d'inghin sin aige, a chur i gcrích, ach chuile sheans, go bhfuil sé 'cínnt air aon-fhear a dheanamh amach di. Tá'n dream siúd mór ionnta(b) fhéin.
Ceadh nach bhfuil tú indon an 'bicycle' a chinnireacht fós. Shílfeá go bhfuil sé in am aghad a bheith indon ceart a bhaint dhe feasta.
Ar éigin na gcor a's na gcnámh 'fhéadanns muid é 'chur abhaile oidhche bith ach a' cipiléaracht chainnte annsin, go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis (chubhais?), racha mise chodladh feasta a's fanadh sé go maidin má's breagh leis é.
Is diadhachta dhó coimhightheas a bheith air anois. Tá sé in am aige a bheith taithighthe ar a' mbaile seo feasta.
→
coirt
Níor mhór dhom a dhul ar faoistean, lá 'bith feasta, a's an chairt atá ar m'anam ó bhí mé cheana ann.
+
Tá sé in am aige cosamhlacht eicínt a chur air fhéin feasta = cuma pósta, oibre, imtheachta, nó pé'r bith rud a bheadh igceist.
TUILLEADH (3) ▼
M'anam má's leis pósadh imbliadhna, go bhfuil sé in am aige cosamhlacht a chuir air fhéin feasta. Beidh an Carghaos in a mhullach d'aon-iarraidh.
Breagh, má's leat a dhul ann, nach gcuireann tú cosamhlacht (imtheachta) eicínt ort fhéin feasta!
Shílfeá go mbeadh sé in am aice cosamhlacht eicínt a bheith ann feasta.
+
→
cuideáin
Chuir mé an madadh sa gcaora choideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheire, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. indiu í. Tá sí a' locadóireacht thart annsin le seachtmhain, agus is diabhluidhe mór a' t-iongnadh, nach dtagann aon-tóir uirre feasta.
TUILLEADH (1) ▼
InDomhnach tá lucht na mbáiníní bán coideáin annseo indiu. Ní mór do dhuine 'collar a's tie' a chuir air fhéin feasta le bheith sa bhfaisean.
Shílfeá go raibh sé in am aghad eirghe as a' slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosamhlacht fós ort a's thú a' céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céadna a chur as do chreatalaigh.
→
cíosaigh
Bhí cupla budóg ar féarach agam aige, anuiridh, a's tá sé thar am é 'chíosú leis. D'aithneochainn ar a bhruas 'chuile áit dá gcasann sé liom, go bhfuil sé súil leis, agus leis a' gceart a dhéanamh, d'fheilfeadh sé é 'thabhairt dó, lá 'bith feasta.
Is mór a' t-iongnadh nach gcrochfadh an uair suas feasta, a's an fhad's tá sí in a chotréabachaí anois. Má mhaireann di ar a' táirm seo, beidh chuile rud lobhtha.
+
→
baile
Níl sé imBaile Átha Cliath fós, ach ba cheart dó a bheith ar ghort a' bhaile aige (n)óiméad a' bith feasta. Cheithre h-uaire a bhío(nn)s ar a' traen a' dul suas.
TUILLEADH (2) ▼
Tá sé in am aghainn a bheith ar ghort a’ bhaile feasta' adeirim fhéin. 'Tá moill ort' adeir seisean. 'Dheamhan mórán le leath bealaigh fós muid'.
Sí'n roilic a bhaile feasta, ó indiu amach.
+
→
bealach
Tá sé thar-am cead a bhealaigh a thabhairt dó feasta.
TUILLEADH (7) ▼
Scaoil bealach leis feasta, a's ná coinnigh ar feadh an lae é.
Tá sé in am aghad an t-airgead sin a chuir (ch)un bealaigh feasta.
Ní fhleárr dhuinn a bheith giorrú an bhealaigh noiméad a' bith feasta.
In Domhnach, ní mór dhaoib a bheith a' corruighe amach feasta: tá bealach fada romhaib.
Badh cheart dó bheith ar a' mbealach abhaile feasta.
Má tá an t-ádh air, fanadh sé as mo bhealach-sa feasta. = ná tagadh sé salach orm; coinnigheadh sé uaim.
Déan do bhealach, a's ná cuir ceist a' bith ormsa feasta
Is beag a' bhealthuidheacht atá ag a' tír, a's tá déanamh dá huireasbha aca(b). Ach nuair a bheidheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leo(b) bealthuidheacht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as a' gcleachta sib feasta. Tá feoil ro-dhaor anois, lé í 'choinneál libse.
+
Tá mo phíobán calcuighthe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deire dhó, mara bhfuil ag Dia.
TUILLEADH (1) ▼
Nach deacair le na crochaillí céadna scaradh leat! Tá sé in am aca(b) feasta, má's leo(b) scaradh leat go deo.
→
cuilín
D'eile cá'r nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaidh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag a' dochar di náire a bheith uirre feasta choidhchin gan fios a gna(ithe) a bheith aice fhairis sin, ach ní hí is measa ach sibse a leig amach í.
→
bioraím
Tá sé thar am na claidhtheachaí sin thuas a bhiorrú feasta, a's gan iad a bheith 'na mbéal in áirde ag a' tír. Sáthach fada atá cead-scuir, ag caoirigh chuile dhuine ar a' (ar) gcuid, ó tháinic a' bhliadhain.
→
bocht 1
Tá faitchíos orm go gcaithfe sib a' t-Earrach a dheanamh ar mo shonsa. Tá mo chois chomh bocht fós, a's bhí sí an tseachtmhain ar leon mé í, hébrí cé'n t-ughdar nach bhfuil sí a' cneasú feasta.
Tá sé in am ag do ghoile dúnadh feasta, maran leat béiceadán críochnuighthe a dhéanamh dhíot fhéin le n-íosfa tú.
→
feighil
Tá sé ar bheidhil a bheith in a dhochtúr anois, ach níl a chuid dinndiúirí amach a's amach fós aige. Má's leis aon-rath a dheanamh go deo, tá sé in am aige feasta.