Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feasta, feastain
dobhriathar
an dá leagan: tá focla ar nós teachtain .i. teacht, ann
1.
anois; an t-am seo.
+
Ligí isteach feasta mé — tá mé chomh fada anseo (tá sé chomh fada ó d'iarr mé mo ligean isteach) agus go bhfuil sé in am mé a ligean isteach (ní: "as seo amach")
Seas deoch feasta — tá tú chomh fada anseo agus go bhfuil sé in am agat deoch a sheasamh
TUILLEADH (16) ▼
Ba cheart go mbeadh an béilí réidh feastain. Ní fhéadfadh mórán eile moille a bheith air
Tá sé in am aige a theacht feasta murar coinníodh aon mhoill air
Fág seo abhaile feasta — tá sé in am a dhul abhaile anois
Éirigh in do shuí feasta agus téirigh amach ag obair — tá sé in am agat éirí in do shuí
Shílfeá go scoirfeá feasta — shílfeá go bhfuil sé in am agat éirí as obair
Shílfeá go mbeadh an cogadh céanna thart feastain
Ól braon tae feasta. Tá ceart agat a bheith stiúgtha leis an ocras
Ba cheart duit do bhéal a dhúnadh feasta. Tá tú in do chlaibín muilinn ó tháinig oíche — tá sé in am agat
Is ceart duit do dhóthain scoile a bheith agat feasta. An bhfuil na cheithre bliana déag sáraithe agat? — tá sé in am agat do dhóthain foghlama a bheith agat
Imeoidh muid. Ní féidir nó tá an ghealach ina suí feasta
'Sé díol an diabhail é mura bhfuil sé críochnaithe feasta (.i. anois nó roimhe seo). Níl aon sop féir sa tír nach mbeadh bainte agam fhéin ó thosaigh sé air sin
Tá sé in am agat tuirse a bheith ort feasta, agus chomh moch agus a thosaigh tú ag obair inniu
Ní fhéadfadh an mhóin gan a bheith tirim feasta agus an farra a fuair sí le coicís
Is diachta dhuit gan do chuid lessons a bheith foghlamtha agat feasta agus thú leo ó ardtráthnóna
Is ceart don fhéar a bheith ag fás feasta (anois nó roimh an am seo)
Pós feasta a scraiste — tá sé in am agat pósadh
2.
as seo amach: san am atá romhainn.
+
Beidh an t-earrach againn anois lá ar bith feasta — as seo amach
Tá an Nollaig ar dhort an bhaile lá ar bith feasta — tá sí ag tarraingt orainn
TUILLEADH (13) ▼
Lá ar bith feasta d'fhéadfadh duine a dhul ag baint mhóna — lá ar bith anois; lá ar bith as seo amach
Ní tráth airneáin é feasta. Tá na laethanta ag dul chun síneadh
Rachaidh mise faoi dhuit nach ndéanfaidh sé é feasta in future
Caillfidh sé allas feasta má tá sé ag obair ar scím na móna in future; from this on
Is an-fhear a bheas ann feasta, má tá an t-ól caite in aer aige
Deir siad nach mbeidh aon chogadh ann feasta ab ea? Is dona a chreidfinn é. Nach raibh cogaíochaí ann ariamh?
Ní chuirfidh mé araoid ar bith ort feasta. Do chomhairle fhéin a mhic ó.
Deir sé nach gcuirfidh sé fata ar bith feasta. Ar mhóin a ghabhfas sé ar fad
Más leat aon chúis a dhéanamh feasta, níor mhór duit a bheith san airdeall air seo thoir. Tá sé do do bhánú
Uair ar bith feasta (in future) dá dtiocfaidh tú thart anseo teara chugam. Ná bí coimhthíoch orainn
Oíche ar bith feasta dhá mbeidh sé romhat, ná tabhair aon chomhluadar dó
Uair ar bith feasta dhá gcasfaidh sé leat, ná breathnaigh sa taobh a mbeidh sé. Ní dea-ailím ar bith é sin
Ara diabhal saighdiúr ar bith a bheas sna cogaíochaí feasta ach intreachtaí nua mar sin a leagfas bailte móra d'aon phléisc amháin
+
Shílfeá go mbeadh ciall agat feasta choíchin — tá sé thar am agat ciall a bheith agat; tá do dhóthain mhór aoise agat le ciall a bheith agat
Shílfeá go mbeifeá in ann bord feamainne a líonadh feasta choíchin
TUILLEADH (8) ▼
Mura bhfuil sé de rath ort marcaíocht a bhaint d'asal feasta choíchin, ná bac leat fhéin. Nach bhfuil tú trí bliana déag?
Mura bhfuil sé in ann é fhéin a bhearradh le rásúr feasta choíchin, ní dhéanfaidh sé go deo é. Ara dheamhan gus ann mar a bheadh i ngearrbhodach
Tá tú gan bróga feasta choíchin? Agus gur gearr go dtosaí tú ag cúirtéireacht. Gabh abhaile agus abair go ndó tú an teach mura gcuire siad péire bróg ort!
Tá sé in am agat Béarla a bheith agat feasta choíchin agus chomh fada agus atá tú ag dul 'na scoile
Níl a fhios aige céard é liathán feastain choíchin! Cheal nach bhfaca sé aon liathán ariamh! Dar fia muise tá leathcheanna ar an saol fós féin!
Is deas an buachaill óg thú feasta choíchin ag bualadh malraigh. Nach mór an comórtas dóibh thú! Do leithide de rúscaire ag leagan barr do láimhe ar ghasúr naoi mbliana! you are a nice young man at your age
An 'cailín beag' a thug sé uirthi! Is deas í mo chailín beag muise feasta choíchin! Ní hea ach thar am pósta fhéin atá sé aici. Dheamhan lá ná ligean de na chúig bhliana déag agus fiche nach bhfuil sí!
Is breá í mo bhodóg dhá bhliain feasta choíchin. An síleann tú nach bhfuil scil i mbeathach agam. Seo go bhfeice muid a drad!

Féach freisin

feasta in iontrálacha eile (50+)

+
fara
Sílim go bhfuil a sheal tugtha anois (seanchlog). 'Sí an fhara a áit feasta
TUILLEADH (1) ▼
Tá Micil réidh le gort agus garraí feasta. Dheamhan lúd ar bith fanta ann. Caithidís ar an bhfara anois é, thálta (ó tharla) nach bhfuil sé in ann aon cheo a dhéanamh.
+
fios
Ar ndóigh ba cheart go mbeadh fios na rólachaí agatsa feasta. Tá tú sách fada ag dul go dtí oifig an dole ar chaoi ar bith.
TUILLEADH (3) ▼
'Sé an diabhal é nó tá fios na rólachaí aige feasta choíchin agus chomh fada agus atá sé taithithe ann. Ach ní duine é a bhfuil aon mheabhair ann cheapfainn
Ba cheart duit fios do cheirde a bheith agat feasta
Mura bhfuil fios do ghnaithe agat fhéin feasta choíchin, tá sé fánach agamsa a dhul dhá inseacht duit
 
focal
Tá sé in am focal a chur ar ghlaicín sprae feasta
 
Lig de do chuid framsála anois. Tá sé in am agat a bheith tuirseach feasta
 
fág i
Tá sé in am agat an díomhaointeas a fhágáil i do dhiaidh feasta— éirí as an díomhaointeas
 
fáir
Scríobhadh aige (chuige) tá mí ó shin, ach níor frítheadh fáir ná freagra uaidh ó shin. Murach gur anó eicínt atá air scríobhfadh sé feasta. Ní raibh an oiread seo moille ariamh air
 
Éirigh as an bhfánaíocht agus déan buille eicínt maitheasa feasta choíchin. Ach níl fír na maitheasa ionat
+
féar
Seoigí a scraistí! Éirigí feasta ag obair! Tá an ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
TUILLEADH (1) ▼
Seo! Tá muid sách fada ar an gcocaireacht seo. Más leat a tabhairt dom, tá sé in am agat fios a bheith agat air feasta. Tá an ghrian ag dul siar agus gan an féar dhá shábháil
 
Tá sé in am aige feasta an charcair mhór d'inín sin aige a chur i gcrích, ach chuile sheans go bhfuil sé ag cinnt air aon fhear a dhéanamh amach di. Tá an dream siúd mór iontub fhéin.
 
Ceadh nach bhfuil tú in ann an bicycle a chinnireacht fós. Shílfeá go bhfuil sé in am agat a bheith in ann ceart a bhaint dhe feasta.
 
Ar éigean na gcor agus na gcnámh a fhéadanns muid é a chur abhaile oíche ar bith ach ag cipiléireacht chainte ansin go mbíonn an dó dhéag bainte aige. Dar mo chúis, rachaidh mise a chodladh feasta agus fanadh sé go maidin más breá leis é.
 
Is diachta dhó coimhthíos a bheith air anois. Tá sé in am aige a bheith taithithe ar an mbaile seo feasta.
 
coirt
Níor mhór dhom a dhul ar faoistin lá ar bith feasta, agus an choirt atá ar m'anam ó bhí mé cheana ann.
+
Tá sé in am aige cosúlacht eicínt a chur air fhéin feasta — cuma pósta, oibre, imeachta, nó pé ar bith rud a bheadh i gceist.
TUILLEADH (3) ▼
M'anam más leis pósadh i mbliana go bhfuil sé in am aige cosúlacht a chur air fhéin feasta. Beidh an Carghas ina mhullach d'aon iarraidh.
Breá, más leat a dhul ann, nach gcuireann tú cosúlacht (imeachta) eicínt ort fhéin feasta!
Shílfeá go mbeadh sé in am aici cosúlacht eicínt a bheith ann feasta.
+
Chuir mé an madadh sa gcaora chuideáin sin a bhí thuas i mbarr Sh. an lá faoi dheireadh, ach feicim thiar ar chuid (talamh) Mh. inniu í. Tá sí ag loiceadóireacht thart ansin le seachtain, agus is diabhlaí mór an t-ionadh nach dtagann aon tóir uirthi feasta.
TUILLEADH (1) ▼
I nDomhnach tá lucht na mbáiníní bán cuideáin anseo inniu. Ní mór do dhuine collar is tie a chur air fhéin feasta le bheith sa bhfaisean.
 
Shílfeá go raibh sé in am agat éirí as an slaghdán sin feasta, ach dheamhan cosúlacht fós ort agus thú ag céithireacht chasachta mar sin. Is deacair an slaghdán bradach céanna a chur as do chreatlaigh.
 
Bhí cupla bodóg ar féarach agam aige anuraidh agus tá sé thar am é a chíosú leis. D'aithneoinn ar a bhruas chuile áit dá gcasann sé liom, go bhfuil sé ag súil leis, agus leis an gceart a dhéanamh, d'fheilfeadh sé é a thabhairt dó lá ar bith feasta.
 
Is mór an t-ionadh nach gcrochfadh an uair suas feasta agus an fhad is atá sí ina chíréabachaí anois. Má mhaireann di ar an táirm seo, beidh chuile rud lofa.
+
baile
Níl sé i mBaile Átha Cliath fós, ach ba cheart dó a bheith ar ghort an bhaile aige nóiméad ar bith feasta. Cheithre huaire a bhíonns ar an traein ag dul suas.
TUILLEADH (2) ▼
'Tá sé in am againn a bheith ar ghort an bhaile feasta,' adeirim fhéin. 'Tá moill ort,' adeir seisean. 'Dheamhan mórán le leath bealaigh fós muid'.
'Sí an reilig a bhaile feasta, ó inniu amach.
+
Tá sé thar am cead an bhealaigh a thabhairt dó feasta.
TUILLEADH (7) ▼
Scaoil bealach leis feasta agus ná coinnigh ar feadh an lae é.
Tá sé in am agat an t-airgead sin a chur (ch)un bealaigh feasta.
Ní fholáir dhúinn a bheith ag giorrú an bhealaigh nóiméad ar bith feasta.
I nDomhnach, ní mór dhaoibh a bheith ag corraí amach feasta: tá bealach fada romhaibh.
Ba cheart dó bheith ar an mbealach abhaile feasta.
Má tá an t-ádh air, fanadh sé as mo bhealachsa feasta — ná tagadh sé salach orm; coinníodh sé uaim.
Déan do bhealach agus ná cuir ceist ar bith ormsa feasta
 
Is beag an bhealaíocht atá ag an tír, agus tá déanamh dá huireasa acub. Ach nuair a bheas sclamhairí de pheataí ann, is mian leob bealaíocht a bhaint amach as do chreatlaigh. Ach deirimse leatsa, go mbainfear as an gcleachtadh sibh feasta. Tá feoil ródhaor anois le í a choinneáil libhse.
 
crinn
Tá sé in am agat an cnámh sin a bheith crinnte go maith agat feasta.
+
Tá mo phíobán calcaithe ag crochaillí an tslaghdáin. Shílfeá go mbeadh sé in am aige feasta a dhóthain a bheith bainte aige asam. Ach ní tús ná deireadh dhó mura bhfuil ag Dia.
TUILLEADH (1) ▼
Nach deacair le na crochaillí céanna scaradh leat! Tá sé in am acub feasta, más leob scaradh leat go deo.
 
Deile cár nigh sí iad ach sa tobar. Nach bhfaca mé na cuilíní gallaoireach air nuair a chuaigh mé amach ag iarraidh an aistir uisce sin! Is beag an dochar di náire a bheith uirthi feasta choíchin gan fios a gnaithe a bheith aici thairis sin, ach ní hí is measa ach sibhse a lig amach í.
 
biorach 2
Fanóidh biorachaí uaimse feasta, deirimse leat, théis an iarrtha sin.
 
Tá sé thar am na claíochaí sin thuas a bhiorú feasta agus gan iad a bheith ina mbéal in airde ag an tír. Sách fada atá cead scoir ag caoirigh chuile dhuine ar a (ár) gcuid ó tháinig an bhliain.
 
bocht 1
Tá faitíos orm go gcaithfidh sibh an t-earrach a dhéanamh ar mo shonsa. Tá mo chois chomh bocht fós agus a bhí sí an tseachtain ar leon mé í, hé brí cén t-údar nach bhfuil sí ag cneasú feasta.
 
borr
Beidh borradh ag teacht faoi lá ar bith feasta anois.
 
Tá sé in am aige feasta an bhreoiteacht sin a bheith dhi aige.
 
Tá sé in am ag do ghoile dúnadh feasta, muran leat béiceadán críochnaithe a dhéanamh dhíot fhéin le n-íosfaidh tú.
 
Tá sé ar bhfeighil a bheith ina dhochtúr anois ach níl a chuid dintiúirí amach is amach fós aige. Más leis aon rath a dhéanamh go deo, tá sé in am aige feasta.