Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feichín; Feichín Fóir
/f′ehīn′/
ainm duine; tá sé an-choitianta ó Rosmuc go hInis Bó Finne agus inDúiche Sheoigeach freisin; níl sé le fairrge san taobh ó dheas de Chonamara.
+
Ná raibh Feichín Fóir leat! (eascainí) = ná raibh rath ort; ba é Feichín a thúsaigh an mhainistir mhór ag Fóir san Iar Mhidhe
Má d'imigh muise, ná raibh Feichín Fóir leis ag imeacht. Ní mórán duine, a chuirfeas a bheannacht leis
TUILLEADH (2) ▼
Ná raibh Feichín Fóir leat a mhadaidh. An greim aráin a bhí mé a chur in mo bhéal tá sé tárluithe leat agad.
A Fheichín mhíorúilte (mhíorúiltigh?) go dtuga tú slán mé as gach gábh agus contúirt dá gcastar mé! (guidhe)