Feichín, Feichín Fóir
—/f′ehīn′/
—
ainm duine; tá sé an-choitianta ó Ros Muc go hInis Bó Finne agus i nDúiche Sheoigheach freisin; níl sé le farraige sa taobh ó dheas de Chonamara.
+–
Ná raibh Feichín Fóir leat! (eascainí) — ná raibh rath ort; ba é Feichín a thúsaigh an mhainistir mhór ag Fóir san Iarmhí
Má d'imigh muise, ná raibh Feichín Fóir leis ag imeacht. Ní mórán duine, a chuirfeas a bheannacht leis
TUILLEADH (2) ▼
Ná raibh Feichín Fóir leat a mhadaidh. An greim aráin a bhí mé a chur in mo bhéal tá sé tarlaithe leat agat.
A Fheichín mhíorúilte (mhíorúiltigh?), go dtuga tú slán mé as gach gábh agus contúirt dá gcastar mé! (guí)