Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feiliún
ainmfhocal, fireann
droch-lot a theagas ar na cosa nó ar na lámha. Ar na cosa is mó a bhíos sé. Is minic leis a bheith ar chnáimh na lorgan. Is geall le easbaí reatha é, mar bíonn ábhar as, agus teagann cnáimh as go hiondúil. Thiocfadh sé ingeall ar ghortú nó galra cnámh. Tá dhá chineál ann: an feiliún reatha agus an fiolún fuar (an ceann nach mbíonn ag rith go hacht agus go háirid. Ach tugtar freisin air é, nuair a bhíos ainfheoil air nó an cnáimh leis). Ní fhágann sé siúl ná aistir ag duine, giorraíonn sé an chois, agus is minic go dtugann sé bás dó.
+
Tá sé buailte suas aríst, leis an bhfeiliún. Tháinig staic de chnáimh as an lá cheana agus bhí sé cho fada le do ladhairicín slán an tsamhail! Tá a chuid maitheasa ar iarraidh, tá faitíos orm
Feiliún reatha atá air. Ní theagann iadhadh ar bith air ach ag rith
TUILLEADH (1) ▼
Gortú a d'eirigh dhó ar an lorga. Níor deasaíodh an cnáimh ceart ariamh nó má deasaíodh níor shnadhm sé. Tá feiliún fuar anois air. D'fheicfeá an cnáimh leis ann

Féach freisin

Feiliún in iontrálacha eile (2)

 
fuar 2
Tá feiliún fuar air (fc. feiliún)
 
déan 1
Rinne a ghlúin feiliún