feiliún
—ainmfhocal, fireann
—
drochlot a theagas ar na cosa nó ar na lámha. Ar na cosa is mó a bhíos sé. Is minic leis a bheith ar chnáimh na lorgan. Is geall le easpaí reatha é mar bíonn ábhar as, agus teagann cnáimh as go hiondúil. Thiocfadh sé i ngeall ar ghortú nó galra cnámh. Tá dhá chineál ann: an feiliún reatha agus an fiolún fuar (an ceann nach mbíonn ag rith go hacht is go háirid. Ach tugtar freisin air é, nuair a bhíos ainfheoil air nó an cnáimh leis). Ní fhágann sé siúl ná aistir ag duine, giorraíonn sé an chois, agus is minic go dtugann sé bás dó.
+–
Tá sé buailte suas aríst, leis an bhfeiliún. Tháinig staic de chnáimh as an lá cheana agus bhí sé chomh fada le do laidhricín, slán an tsamhail! Tá a chuid maitheasa ar iarraidh tá faitíos orm
Feiliún reatha atá air. Ní theagann iamh ar bith air ach ag rith
TUILLEADH (1) ▼
Gortú a d'éirigh dhó ar an lorga. Níor deasaíodh an cnáimh ceart ariamh nó má deasaíodh níor shnaidhm sé. Tá feiliún fuar anois air. D'fheicfeá an cnáimh leis ann