Feirbhín
—/f′er′əv′īn′/
—
an fóidín baic a chastar ar thalamh bán i gcruth agus go mbeidh iomaire agus claise in a gcomharaíocht ann (feire, feirbhín).
+–
Tá sé ag tógáil feirbhín (nó feire) ar an ngarraí seo thoir inniu = fóidín baic
Séard a bhí agad a dhéanamh leis sin anois feirbhín a chasadh air, agus é a leasú amach annseo, nuair a bheitheá ar do dheis fhéin ceart
TUILLEADH (1) ▼
Tá an feilméara mór seo thuas ag filleadh ar an sean-ghnás. Ag casadh feirbhín a fheicim é na laethantaí seo. Caithfidh an fear céanna armáil a bheith aige thar aonduine
Féach freisin
→
feire