Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feirbhín
/f′er′əv′īn′/
an fóidín baic a chastar ar thalamh bán i gcruth is go mbeidh iomaire agus claise ina gcomharthaíocht ann (feire, feirbhín).
+
Tá sé ag tógáil feirbhín (nó feire) ar an ngarraí seo thoir inniu — fóidín baic
Séard a bhí agat a dhéanamh leis sin anois, feirbhín a chasadh air, agus é a leasú amach anseo nuair a bheifeá ar do dheis fhéin ceart
TUILLEADH (1) ▼
Tá an feilméara mór seo thuas ag filleadh ar an seanghnás. Ag casadh feirbhín a fheicim é na laethantaí seo. Caithfidh an fear céanna armáil a bheith aige thar aon duine

Féach freisin