Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feire glinnte, feire glinnteachaí
Ainmfhocla san Iolraidh (is cosúil).
sna seala babhtaí; sna caoir theinte; sna fascaí; sna gáinní báis.
+
Bhí sé ag imeacht sna feire glinnte
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirre (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithe féin
TUILLEADH (2) ▼
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. "Ní fré chéile a chacfas sí seo" adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. "Fan go bhfeice sib mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirre". Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aice!
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glínnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl

Feire glinnte in iontrálacha eile (1)

 
D'ionnsuigh sí uirre (capall) síos an bóthar is na feire glinnte.