Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feire glinnte, feire glinnteachaí
ainmfhocla san iolra (is cosúil)
sna seala babhtaí; sna caoir thinte; sna fascaí; sna gáinní báis.
+
Bhí sé ag imeacht sna feire glinnte
Ní bheadh call duit slat ar bith a leagan uirthi (capall). Bheadh sí sna feire glinnteachaí uaithi féin
TUILLEADH (2) ▼
Thug J. amach an láirín agus é ag dul suas go F. 'Ní fré chéile a chacfas sí seo,' adeir sé, ag déanamh gaisce aisti. 'Fan go bhfeice sibh mise ag dul soir an bóthar sna feire glinnte uirthi'. Dheamhan dhá choisméig a ghabh an capall nó go raibh bualtrach déanta aici!
Bhí sé (an gluaisteán) ag imeacht sna feire glinnteachaí. Ní mórán le go raibh sé ag fanacht ar bhóthar ar bith le siúl

feire glinnte in iontrálacha eile (2)

 
D'ionsaigh sí uirthi (capall) síos an bóthar sna feire glinnte
 
diaidh
Níor chónaigh sí ag dul i ndiaidh a tónach gur leag sí brúisc den chlaí. Amach léithe ansin agus as go brách léithe sna feire glinnte. Ní fhaca tusa siúl faoi rud ar bith ariamh mar a bhí fúithi. Shíl mé nach mbeadh a tuairisc in Éirinn ná in Árainn tráthnóna