Feithideach
—/fɛ̄ hid′əx/: /f′ɛ̄d′əx/
—Ainmfhocal: Fireann
—
breac, péist, nó míol míofar colúil aisteach.
a.
+–
Cén sórt feithideach é sin fút san bpoll? Nach hiomdha feithideach san bhfarraige fhéin!
Is gránna go deó an feithideach í péist an dá shúil dhéag! An bhfaca tú ariamh í?
TUILLEADH (2) ▼
Mharuigh muide breac eicínt annsin thíos an bhliain cheana. Ba ghradha feithideach é. Bhí sé an-chosúil le ceann cruacháin ach ní ceann cruacháin a bhí ann
Chuaigh an feithideach is aistí dhár leag mé súil ariamh air isteach faoi bhruach in íochtar Gharraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist a bhí ann agus feirí siar uiliog air. Bhí sé fad crobh na láimhe. Thíos leis an ngaineamh ruadh a thaithíos sé, pérbith cén sórt feithideach é
b.
duinín suarach; éitreórach, dona.
+–
Sén feithideach is caillte é a chruthaigh Dia = dreóláinín dona; éagbhás; bás ar sliobarna; péisteánach nachar mhian leis scaradh le pínn ar bith airgid
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
TUILLEADH (2) ▼
M'anam gur cinniúint uirre siúd é, má leigean sí tada leat. Níl a fhios agam cé leis a ndeachaidh sí chor ar bith. Sí an feithideach is tútaí í a rug ar scilling ariamh
Ní leigfeadh aonduine beó an feithideach sin amach san ngarraí agus gan a fhios aige nach hé a chailleadh a dhéanfaí ar an iomaire
Feithideach in iontrálacha eile (8)
→
bannaí 1
Is oilbhéasach a' feithideach é an gliomach le deasú leis, go gcuirtear bannaidhe ar a chrúib, ach ní fhanann aon-chor ann níos mó.
→
feire
Níl a fhios agam beo cén sórt feithideach a d'eirigh amach chugam as íochtar bog thíos inGarraí an Chladaigh an lá faoi dheireadh. Péist í agus feiríochaí uirre. Tháinig sí aníos ón ngaineamh ruadh. Ní fhaca mé a macsamhail ariamh cheana = eangaí timpeall a droma
→
dealbh 1
Má fheiceann sé mo dhealbh-sa ar a shráid, rachaidh mé faoi dhuit nach gcodlóchaidh sé an-tsuaímneach anocht. Tá a fhios aige go bhfuil sean-riaráistí le n-íoc agam leis (tá faltanas istigh agamsa dó de bharr rudaí a rinne seisean orm cheana), agus go n-íocfar iad dá dteighidís míle bliain. 'Ar ndú' níl feithideach ar bith is faitighe ná é, ach an uair a airigheas sé cúl-tuiric aige féin in aice láithreach
→
diúltach
Má bhíonn an seachadadh-amach ann, beidh sé fáilidhe agus an-ghairm aige romhat. Ach má's ag iarraidh cáirde a bhéas tú go ndíoltar an mhóin, deirimse leat gur diúltach an feithideach é le breathnú idir an dá shúil air.
Nach dona na laoghantaí atá ag teacht ó'n tarbh sin thuas. Breathnuigh ar an laoighdín sin ag S. Ph. Nach dramhsach éidtreoireach an feithideach é. Ní sháróchaidh sé an Márta choidhchin mara bhfaghaidh sé an-aire de'n domhan
→
drann
Bhí muid ag caitheamh le easóig annsin thuas indiu, agus ba mhór an t-ár í ag drannadh agus ag caitheamh seilí amach. An bhfuil feithideach ar bith cho dána léithe. Bhí ceathar nó cúigear againn in a h-éadan, agus dheamhan claonadh a dhéanfadh sí in a dheidh sin ach ag síonghail agus ag drannadh. Smíochadh í faoi dheireadh le clocha
→
duailín
Tá an bhean siúd aige cho beag agus go bhféadfadh sé a tabhairt is 'chuile áit agus a cosa ar duailín. Is beag an stró a bheadh air: feithideach claoidhte caithte í
→
dún
Dhúinfeadh sé siúd an dorus ar Mhac Dé dhá gcastaí an bealach É. Is beag an tsúil le Dia atá aige sin agus feithideach ar bith beo a chur amach leithide na h-oíche aréir