Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Feódhann etc
Briathar
seargadh, slabhcadh, críonadh. triomú, spalpadh, ruadh-dhóghadh, tréigeadh, ruadhchan etc.
+
Tá na dasachaí ag feódh ó a tháinig an chreatalach seo. Seo í an ghaoth ruadh anois
Nach bhfeiceann tú go bhfuil an féar féin ag feódh leis an spalpadh gránna seo
TUILLEADH (4) ▼
Ara diabhal barrann a tháinig thrí thalamh ariamh ann. Bhuail an sioc iad, agus d'fheódh siad uilig
Dar diagaí, is mór a d'imigh na billeogaí de na crainnte le cupla lá. Tá siad feóite ar fad. Sé an stolladh seo atá indon aca
Na pabhsaethe a chuir mise annsin amuigh, rinne siad buinneáin idtosach, ach shlabhc siad annsin. Maran cheal uisce é. Tá siad feóite ar fad anois, ar chaoi ar bith
Chonnaic mise anuiridh leathtaobh de na sceacha feóite agus an leathtaobh eile glas. Is fada ar an saol mé agus dheamhan a bhfaca mé a leithide de rud cheana
·
Shílfeá nach mórán feóchain atá ar na fataí seo thíos fós, th'éis nach ndeacha sprae ar bith orra. Ach is amhlaidh a bhíos sé: an té a mbíonn an t-ádh air fhéin, bíonn sé ar a chut agus ar a mhadadh