Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
feoigh
briathar
seargadh, sleabhcadh, críonadh, triomú, spalpadh, ruadhó, tréigeadh, ruachan srl.
+
Tá na dasachaí ag feo ó tháinig an chreatlach seo. Seo í an ghaoth rua anois
Nach bhfeiceann tú go bhfuil an féar féin ag feo leis an spalpadh gránna seo
TUILLEADH (4) ▼
Ara diabhal barrann a tháinig thrí thalamh ariamh ann. Bhuail an sioc iad agus d'fheoigh siad uilig
Dar diagaí, is mór a d'imigh na bileogaí de na crainnte le cupla lá. Tá siad feoite ar fad. 'Sé an stolladh seo atá in ann acu
Na pabhsaetha a chuir mise ansin amuigh, rinne siad buinneáin i dtosach ach shleabhac siad ansin. Muran cheal uisce é. Tá siad feoite ar fad anois ar chaoi ar bith
Chonaic mise anuraidh leataobh de na sceacha feoite agus an leataobh eile glas. Is fada ar an saol mé agus dheamhan a bhfaca mé a leithide de rud cheana
·
Shílfeá nach mórán feochain atá ar na fataí seo thíos fós, théis nach ndeachaigh sprae ar bith orthu. Ach is amhlaidh a bhíos sé: an té a mbíonn an t-ádh air fhéin, bíonn sé ar a chat agus ar a mhadadh

feoigh in iontrálacha eile (3)

+
feo
Rinne sé campa ar an muirbhigh ansin thíos agus bhí na gasúir aige ann. Bhí go maith nó go dtáinig drochoíche. Thug an feo uaidh an campa, agus bhí sé ag dúiseacht tithe agus é ina dhamhadh réag. Dheamhan snáth a bhí air nach bhfáiscfeá — gála; gaoth láidir. Thug an tÁrannach céanna "feochan" uirthi cupla nóiméad ina dhiaidh sin
TUILLEADH (2) ▼
Dhá dtigeadh feo ort sa sunda sin is deacair a theacht i dtír. 'Sí an fharraige thíre is measa i gcónaí
Tá feo ann — feothan