Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiainise
/f′īn′is′ī/
Ainmfhocal Buineann
Fuaim: n caol i gcomhnaí agus í i leabaidh e san deireadh. I gciall a (ii) miainis adeirtear — /m′īn′is′/ gan guth ar bith san deireadh — "in mo mhiainis", "in a mhiainis" etc. Tá an leagan seo ar an bhfocal i gcuid de an sean L.S.S freisin
1.
a.
caint comhneartuithe nó cruthú i gcúirt, i gcúis dlí, in argóinteacht etc.
+
Chonnaic mé ag goid na móna í. Rug mé uirre imbéal na cruaiche. Ach cén mhaith sin. Níl aon-fhiainise agam, agus mionnóidh sí siúd a dtiocfaidh in a béal
Tá fiainise cuid mhaith agam (go leór fiainise, mo dhóthain fiainise etc.) gur thug mé an t-airgead dó
TUILLEADH (4) ▼
Is beag an fhiainise do dhóthain i rud den tsórt sin. Ag an dochtúr atá a dhéanamh
Níl d'fhiainise agam gurb é a ghoid iad, ach go raibh sé ag fáinneóireacht thart ann ar feadh an lae
Níl d'fhiainise orm (in m'aghaidh) ach S. agus chaith an giúistís é sin cho minic cheana, agus nach ngéillfidh sé d'aon-fhiainise a thiúrfas sé anois
Sín chéad-cheist a chuirfear ort: cáil t'fhiainise? Nach mbeidh tú in do ghamal annsin?
+
Níor chaith sé aon-fhocal den chaint sin ariamh. A fhiainise sin ortsa a Sheáin. Bhí tusa ann cho maith liomsa = tá tú indon cruthú nar chaith sé an chaint
Ní hé M. M. a thug an buille dhó chor ar bith. A fhiainise sin ar an bhfocal a sciorr uaidh fhéin agus é dhá chur isteach i gcarr an aspuicil. "Buille feille na gCurraoinigh", adeir sé. D'innseódh sin duit go raibh a fhios aige gurb é an Curraoineach a theanguigh leis. Ach is mian leis a bhualadh thall ar an gceann eile ós iad na Curraoinigh an chuid eile dhó fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Cuirim m'fhiainise ortsa (cuirim fiainise ortsa)! Cloiseann tú céard atá sé ag rádh?
b.
an chaint a níthear i gcúirt agus rl.
+
Níl aon-mhaith in a fhiainise sin, feicfidh tú fhéin air
Comhuain agus a bhí sé ag tabhairt (ag déanamh) a fhiainise, chloisfeá biorán beag ag tuitim san gcúirt. Bhí a fhios ag chuile dhuine gur ar a chuid cainte a thiocfaí suas
TUILLEADH (3) ▼
Má níonn tusa fiainise dhó, tá an báire leis
Má dúirt sé sin thug sé fiainise bhréige = mhionnuigh sé bréag
Is beag aice sin fiainise bhréige a thabhairt (a dhéanamh), ní dhá roinnt léithe é. Bheadh sí sin ag mionnú nó go gcuireadh sí poll ar bhalla na cúirte a dheárthair mo chroí. Nach bhfuil a fhios agam go maith é
+
Sin í fiainise ghiolla na bréige = fiainise bhréagach i gcúirt, nó caint bhréagach ar bith
Dúirt sé leat go bhfaca sé mise ag dul isteach idteach ósta aréir! Sin í fiainise ghiolla na bréige. Ní tada eile í
TUILLEADH (2) ▼
Sin í fiainise ghiolla na bréige. Cuirim pearúl ort gan ceó ar bith a chreistiúint uaidh sin. Ní fhéadfadh sé mise a fheiceál ag caint ar an bportach le J. M. arae bhí mise san mbaile ón bportach, shul ar fhága J. M. an teach aige fhéin le dhul ann.
An té adúirt léithe é sin, ba í fiainise ghiolla na bréige a bhí aige. Níor thaobhuigh mise siar an teach sin, ná an baile fhéin, le tuilleadh agus dhá bhliain. Cén diabhal a chasfadh mise siar ann. Dhá mbeadh mo ghnatha féin ann — ní áirím nach raibh — ba roighin uaim a dhul ann, mar is beag a bhí mo thaithí ariamh san áit chéanna. Níl ríochan ar bith le cuid de na daoine. Chumfaidís rud ar bith.
+
Sin í fiainise ghiolla bhréige ar a bhean = fiainise cham; tugann sé lascainí di i gcomhnaí in a chuid cainte; molann sé a cáilíocht thar mar is cóir a moladh; bíonn sé "partial"; má bhíonn gean agad ar dhuine nó luighe leis falóidh tú a dhroch-thréathra, nó ní léar duit iad
Deir tusa nach bhfuil fataí in áit ar bith cho maith agus atá in do bhaile fhéin. Sin í fiainise ghiolla bhréige ar a bhean. Ar ith tú aon-fhata dhá bhfuil anoir annseo
TUILLEADH (3) ▼
'Deile céard a dhéanfadh sé ach an D. a mholadh? Nach as aon-áit amháin iad. Fiainise ghiolla bhréige ar a bhean
Sin í fiainise ghiolla bhréige ar a bhean an rud adúirt sé faoin mbó sin. Dheamhan a fhios aige ach an oiread liomsa an maith olc í, ach ós le na cliamhaineachaí í, caithfidh sé í a mholadh
Dúirt sé go raibh fabhar ag an dream a phasáil. Mar dhóigh dhe go raibh a mhac fhéin cho maith leó, ach go ndearnadh éagóir air. Fiainise giolla bhréige ar a bhean, 'ar ndú'. B'fhada uaidh a bheith cho maith leo
2.
a bheith i láthair le linn gníomha, cainte nó rud eicínt a thárluíos; an té a bhíos i láthair nó a níos caint chomhneartuithe i gcúirt.
+
Tá beirt fhiainise agam gur bhuail sé mé. Nach shin é mo dhóthain
Ní raibh aon-fhiainise ann nuair adúirt sé é
TUILLEADH (8) ▼
Bhí mise i bhfiainise ar an troid ; bhí mise in m'fhiainise ar an troid = chonnaic mé í
Tá S. in a fhiainise (mar fhiainise, i bhfiainise) agam. Chonnaic seisean é cho maith liomsa
Tugadh M. isteach i bhfiainise. Bhí sé san láthair le linn an achrainn = tugadh chun cúirte é le fiainise a thabhairt
Chuaigh L. i bhfiainise go bhfaca sé mé = thug sé fiainise uaidh
Mara bhfuil sé sásta a dhul i bhfiainise dhuit, fág faoin mbreitheamh é, agus cuirfidh sé sin gairm chúirte air. Tiocfaidh sé i bhfiainise an uair sin feicfidh tú fhéin air
Tá B. agus duine eile i bhfiainise agam gur bhain sé as m'ainm mé = chuala siad do mo bhaint as m'ainm mé
Ba cheart duit é a iarraidh i bhfiainise? Tuige nach mbeadh sé sásta ó a bhí sé san láthair?
Tá mise i bhfiainise dhó. Chonnaic mé an mótar dhá bhualadh
3.
a bheith as comhair, as coinne, fút, ar t'aghaidh, in do láthair.
+
Marach go bhfuil an biadh in mo mhiainis anois, ní íosfainn é. Nachar ith mé mo chuid fhéin shul ar fhága mé an teach = as mo chomhair; díreach in mo láthair
Leag mé cupán tae in a mhiainis, ach ní dhrannfadh sé leis
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mé pínn ruadh in mo mhiainis le bliain = as mo chomhair; ní raibh sí agam
+
Suígidh anuas i miainis na teine. Tá fuacht thuas annsin
Shílfeá nach ndéarfadh sé rud mar sin i miainis an tsagairt = in a láthair as a chomhair
TUILLEADH (1) ▼
Sheas sé amach i miainis an leoraí, agus chuir sé suas a láimh ag iarraidh marcaíocht air