fianaise
—/f′īn′is′ī/
—ainmfhocal, baineann
—fuaim: n caol i gcónaí agus í i leaba e sa deireadh. I gciall a 2, mínis adeirtear — /m′īn′is′/ gan guth ar bith sa deireadh — in mo mhínis, ina mhínis srl. (Tá an leagan seo ar an bhfocal i gcuid de an seanlámhscríbhinní freisin)
1.
a.
caint comhneartaithe nó cruthú i gcúirt, i gcúis dlí, in argóinteacht srl.
+–
Chonaic mé ag goid na móna í. Rug mé uirthi i mbéal na cruaiche. Ach cén mhaith sin. Níl aon fhianaise agam agus mionnóidh sí siúd a dtiocfaidh ina béal
Tá fianaise cuid mhaith agam (go leor fianaise, mo dhóthain fianaise srl.) gur thug mé an t-airgead dó
TUILLEADH (4) ▼
Is beag an fhianaise do dhóthain i rud den tsórt sin. Ag an dochtúr atá a dhéanamh
Níl d'fhianaise agam gurb é a ghoid iad ach go raibh sé ag fáinneoireacht thart ann ar feadh an lae
Níl d'fhianaise orm (in m'aghaidh) ach S., agus chaith an giúistís é sin chomh minic cheana agus nach ngéillfidh sé d'aon fhianaise a thabharfas sé anois
'Sí an chéad cheist a chuirfear ort: cá'il t'fhianaise? Nach mbeidh tú in do ghamal ansin?
+–
Níor chaith sé aon fhocal den chaint sin ariamh. A fhianaise sin ortsa a Sheáin. Bhí tusa ann chomh maith liomsa — tá tú in ann cruthú nár chaith sé an chaint
Ní hé M. M. a thug an buille dhó chor ar bith. A fhianaise sin ar an bhfocal a sciorr uaidh fhéin agus é dhá chur isteach i gcarr an easpaicil. 'Buille feille na gCurraoinigh,' adeir sé. D'inseodh sin duit go raibh a fhios aige gurb é an Curraoineach a theangaigh leis. Ach is mian leis a bhualadh thall ar an gceann eile ós iad na Curraoinigh an chuid eile dhó fhéin
TUILLEADH (1) ▼
Cuirim m'fhianaise ortsa (cuirim fianaise ortsa)! Cloiseann tú céard atá sé ag rá??
b.
an chaint a nítear i gcúirt srl.
+–
Níl aon mhaith ina fhianaise sin, feicfidh tú fhéin air
Comhuain is a bhí sé ag tabhairt (ag déanamh) a fhianaise, chloisfeá biorán beag ag titim sa gcúirt. Bhí a fhios ag chuile dhuine gur ar a chuid cainte a thiocfaí suas
TUILLEADH (3) ▼
Má níonn tusa fianaise dhó, tá an báire leis
Má dúirt sé sin thug sé fianaise bhréige — mhionnaigh sé bréag
Is beag aici sin fianaise bhréige a thabhairt (a dhéanamh), ní dhá roinnt léithe é. Bheadh sí sin ag mionnú nó go gcuireadh sí poll ar bhalla na cúirte a dheartháir mo chroí. Nach bhfuil a fhios agam go maith é
+–
Sin í fianaise ghiolla na bréige — fianaise bhréagach i gcúirt, nó caint bhréagach ar bith
Dúirt sé leat go bhfaca sé mise ag dul isteach i dteach ósta aréir! Sin í fianaise ghiolla na bréige. Ní tada eile í
TUILLEADH (2) ▼
Sin í fianaise ghiolla na bréige. Cuirim parúl ort gan ceo ar bith a chreistiúint uaidh sin. Ní fhéadfadh sé mise a fheiceáil ag caint ar an bportach le J. M. arae bhí mise sa mbaile ón bportach shular fhága J. M. an teach aige fhéin le dhul ann.
An té adúirt léithe é sin, ba í fianaise ghiolla na bréige a bhí aige. Níor thaobhaigh mise siar an teach sin, ná an baile fhéin, le tuilleadh agus dhá bhliain. Cén diabhal a chasfadh mise siar ann. Dhá mbeadh mo ghnaithe féin ann — ní áirím nach raibh — ba righin uaim a dhul ann, mar is beag a bhí mo thaithí ariamh san áit chéanna. Níl ríochan ar bith le cuid de na daoine. Chumfaidís rud ar bith.
+–
Sin í fianaise ghiolla bhréige ar a bhean — fianaise cham; tugann sé lascainí di i gcónaí ina chuid cainte; molann sé a cáilíocht thar mar is cóir a moladh; bíonn sé partial; má bhíonn gean agat ar dhuine nó luí leis folóidh tú a dhrochthréathra, nó ní léir duit iad
Deir tusa nach bhfuil fataí in áit ar bith chomh maith agus atá in do bhaile fhéin. Sin í fianaise ghiolla bhréige ar a bhean. Ar ith tú aon fhata dhá bhfuil anoir anseo
TUILLEADH (3) ▼
Deile céard a dhéanfadh sé ach an D. a mholadh? Nach as aon áit amháin iad. Fianaise ghiolla bhréige ar a bhean
Sin í fianaise ghiolla bhréige ar a bhean an rud adúirt sé faoin mbó sin. Dheamhan a fhios aige ach an oiread liomsa an maith olc í, ach ós le na cliamhaineachaí í, caithfidh sé í a mholadh
Dúirt sé go raibh fabhar ag an dream a phasáil. Mar dhóigh dhe go raibh a mhac fhéin chomh maith leo ach go ndearnadh éagóir air. Fianaise giolla bhréige ar a bhean, ar ndóigh. B'fhada uaidh a bheith chomh maith leo
2.
a bheith i láthair le linn gníomha, cainte nó rud eicínt a tharlaíos; an té a bhíos i láthair nó a níos caint chomhneartaithe i gcúirt.
+–
Tá beirt fhianaise agam gur bhuail sé mé. Nach in é mo dhóthain
Ní raibh aon fhianaise ann nuair adúirt sé é
TUILLEADH (8) ▼
Bhí mise i bhfianaise ar an troid ; bhí mise in m'fhianaise ar an troid — chonaic mé í
Tá S. ina fhianaise (mar fhianaise, i bhfianaise) agam. Chonaic seisean é chomh maith liomsa
Tugadh M. isteach i bhfianaise. Bhí sé sa láthair le linn an achrainn — tugadh chun cúirte é le fianaise a thabhairt
Chuaigh L. i bhfianaise go bhfaca sé mé — thug sé fianaise uaidh
Mura bhfuil sé sásta a dhul i bhfianaise dhuit, fág faoin mbreitheamh é, agus cuirfidh sé sin gairm chúirte air. Tiocfaidh sé i bhfianaise an uair sin feicfidh tú fhéin air
Tá B. agus duine eile i bhfianaise agam gur bhain sé as m'ainm mé — chuala siad do mo bhaint as m'ainm mé
Ba cheart duit é a iarraidh i bhfianaise? Tuige nach mbeadh sé sásta ó bhí sé sa láthair?
Tá mise i bhfianaise dhó. Chonaic mé an mótar dhá bhualadh
3.
a bheith os comhair, os coinne, fút, ar t'aghaidh, in do láthair.
+–
Murach go bhfuil an bia in mo mhínis anois, ní íosfainn é. Nár ith mé mo chuid fhéin shular fhága mé an teach — os mo chomhair; díreach in mo láthair
Leag mé cupán tae ina mhínis, ach ní dhrannfadh sé leis
TUILLEADH (1) ▼
Ní fhaca mé pínn rua in mo mhínis le bliain — as mo chomhair; ní raibh sí agam
+–
Suígí anuas i mínis na tine. Tá fuacht thuas ansin
Shílfeá nach ndéarfadh sé rud mar sin i mínis an tsagairt — ina láthair os a chomhair
TUILLEADH (1) ▼
Sheas sé amach i mínis an leoraí agus chuir sé suas a láimh ag iarraidh marcaíocht air
fianaise in iontrálacha eile (13)
+
→
bannaí 1
Shílfeá nach é an oiread sin fonn a bhí ar an ngiúistís é a scaoileadh amach ar bhannaí, ach ní raibh a dhíol fianaisí ina aghaidh le príosúntacht a chur air. (fonn — ní thagann aon chlaochmú tuisil ar an bhfocal seo sa gcéill seo le idirdhealú a dhéanamh idir é agus fonn = port: "níl mórán fonn air a dhul abhaile" ach "ag gabháil fhoinn".)
TUILLEADH (1) ▼
Níl airde ar bith le fáil ag bannaí béil sa dlí mura mbí aon scríbhinn ná aon fhianaisí ann.
→
amach
D'íoc sé amach ansiúd é os comhair an tí. Murab in é a dhíol fianaise, níl a fhios agamsa cén scéal é.
→
fuagair
Diabhal easna dhóibh nár fhuagair próis orm féin le dhul i bhfianaise dhóibh. Dúirt mé fhéin nach ngabhfainn
→
fuagra
Fuair sé fuagra faoin bpinsean le gairid. Dúradh leis dhá bhfaigheadh sé beirt i bhfianaise go raibh sé in aois, go bhfaigheadh sé ar an bpointe é
Ní fiacha cama iad chor ar bith ach fiacha dlisteanacha, agus d'ordaigh Dia na fiacha dlisteanacha a íoc. Muran buil leat a n-íoc, cuirfidh mise sa gcruth thú go n-íocfaidh tú iad. Tá fianaisí (fianaise) agamsa
Ní chomhairimse gur dliteanas (fiacha) chor ar bith é sin. Chuir sé orm é gan iarraidh gan achainí; ach dar ndóigh níl aon fhianaisí agam, agus má tá sé sa leabhar in m'aghaidh — agus tá — caithfidh mé a íoc
Má tá i ndán is go dtabharfar chun cúirte thusa, tóg M. Sin é an dlíodóir. Tá sé an-doghrainneach go deo sa gcúirt. Má tá i ndán is go mbeidh fear ag tabhairt fhianaise agus go gceisneoidh sé siúd é, cabálfaidh sé é dhá mhíle buíochas. 'Sé atá in ann. Freagróidh tú é siúd feicfidh tú féin air. Nó mura bhfreagraí, beidh sé in t'éadan go brách nó go dtuga sé amach as do chreatlaigh é. Siúd é an buachaill acu. Níl aon mhaith a bheith ag dul anonn ná anall leis. Má tá clár na fírinne agat, níl aon bheann agat air, ach mura bhfuil, tá sé in ann drochdhíol a thabhairt ort. Chonaic mé mac D. ansin thoir ag athrú dathannaí aige
→
dóigh 1
Is dona an dóigh dhó a dhul ag turnae (aturnae) faoin scéal mura bhfuil fianaisí (fianaise) aige thairis sin air. Tá sé breá go leor a bheith ag caint anseo ar leic an teallaigh, ach níl sé chomh réidh sin ceart a bhaint den bhreitheamh ná de na dlíodóirí a bhíos ansiúd. Chabálfaidís thú ar iontú an tsoip
Más ag iarraidh a dhul siar ar t'fhocal atá tú, níl aon ghair agat air. Tá fianaisí agamsa