Fiannaí
—Ainmfhocal: Fireann
—
scéalaí a mbeadh an Fhiannaíocht aige; rianóir; scéalaí; seanchaí.
+–
An-Fhiannaí a bhí ann. Níl aon-scéal déanta nach raibh aige
M'anam gur Fiannaí mór é. Ó L. a thóg sé uilig iad. Ní raibh cinneadh go deó le L. Ní raibh aon-dhuine de sheacht gCatha na Gnáth Fhéinne dhá raibh i bhFormaoil na bhFiann nach raibh sé indon a innseacht amach indiaidh a chéile. Déarfá go raibh meabhair chinn aige
TUILLEADH (1) ▼
Chuala mé P. Gh. ag rádh go raibh a athair agus sean-fhear eicínt eile ag siúl amach as Gaillimh oíche. Thosaigh a athair ar an scéal i mbéal B. na T. D'ól siad pionnta i mB.; péire ag an S.; ceann tigh Bh.; tigh Ph.; tigh J; tigh W. Uí Fh. Níor tháinig iadadh air ar an bhfad sin ach ag innseacht an scéil! "An bhfuil aon-bhaol ort fós", adeir an fear eile leis ag bóthar Ch. "Níl" adeir sé. "Gabhfaidh muid an timpeall mar sin Bóthar an T. agus síos D. Fh." adeir an ceann eile. Chuaigh. Ag Bóithrín Ch. a bhí siad ag scaradh ó chéile. "Ceadh nach bhfuil sé gar dhá bheith críochnuithe feasta", adeir an fear a bhí in éindigh leis. "Níl mé ach cur éadain air" adeir sé. "Tá triúr de na fathachaí marbh, agus bhí seachtar ann". Ba shin é an Fiannaí!
Féach freisin
→
fia