Fiannaíocht
—Ainmfhocal: Buineann
1.
na scéalta, na dánta agus cuir síos ar an ngaisce a rinne Fionn agus na Fianna.
+–
An bhfuil aon-fhiannaíocht agad = scéalta nó laoithe(annaí) fiannaíochta
Innis scéal fiannaíochta
TUILLEADH (2) ▼
B'aige a bhí an fhiannaíocht go ndéana Dia grásta air: Laoi Airicín Mhic Annagair, agus Laoi Shadhb na Sadhbhann Óige agus Laoi an Deirg agus a raibh aca ann
Ba bhreagh í an fhiannaíocht an fhad agus a bhí sí ann. Ní aireochthá an oíche ag imeacht aice
+–
B'fhearr go mór a bheith ag fiannaíocht ná an cheird a bhíos i dtithe cuarta anois: ag ithe agus ag gearradh ar an gcomharsa. 'Ar ndú' ar chuala tú ariamh é, san áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht = má bhíonn sean-scéalta dhá n-innseacht agus daoine ag éisteacht leó, ní bhíonn aon-droch-chaint, aon-bhiadán ná aon-tseamsánacht ann
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deó ach ag innseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindigh. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearróireacht agus ag baint fogha agus easbaidh as chuile dhuine. Diabhal áird ar bith a bheadh ar aon-scéal aca. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
TUILLEADH (1) ▼
Eirigh as an nathaíocht sin agus innis amach scéal breá. Nach bhfuil "Turas Fhínn go Crích Lochlainn" agad? … Is mór an-feáll muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
·
Chaith siad an oíche sin trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian ag ól beóir agus fíon dearg na Spáinne; rinne siad trí treanna den oíche: trian le rianaíocht, trian le fiannaíocht, agus trian suain agus sámhchodlata, nó gur gheal an lá lár na mháireach; chaith siad an oíche sin trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian idir throm-shámh agus síor chodlata"; chaith siad an oíche sin trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian ag ól fíon de chruithneacht dearg na Spáinne = seóraithe sna scéalta (chuala mé iad seo ar fad, agus tá leagain eile orra freisin)
·
Chaithfeadh sé oíche fhada áirneáin ag fiannaíocht
Níl aon-ghoir aige ar Bh. T. ag fiannaíocht. Níl sé indon an chulaith ghaisce a chur orra mar atá B.
2.
+–
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí sé sin i mBaile Átha Cliath = is fadó an lá é; tá innseacht air; tá liostachas air
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí daoine sna sean-bhallaí sin. Dheamhan é le céad bliain nó tuilleadh. An bhfuil a fhios agad cé a d'innseódh é sin anois duit? M. an Ch. Tá na sean-liagáistí sin ar fad aige
TUILLEADH (6) ▼
Níl a fhios ag aonduine cáide go stopa an "rationáil" seo. Beidh fiannaíocht air. Dheamhan é nó go bhfairsingighe rudaí thar cíonn aríst. Más fíor go bhfuil muinntir ná dtíreannaí amach ag fáil bháis leis an ocras … Ní cás duinn é annseo, agus greim ar bith a fháil
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air marach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapuigh mé é! Bhí sé in a shuí thíos ar cholbh an Characáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí shoir ar an Meath-Dhúirlinn a bhí mé fhéin. "Lá breá é" adeir sé … Bhain muid amach san seanchas. "Gaeilgeóir thú" adeirimse. "Ní hea" adeir sé. "Ag fámaireacht atá mé". D'fhiafraigh sé annsin tuige na cuailleachaí. D'innis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. "An 'sbáinfeá dhom é" adeir sé … = ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneóireacht air
Ag fólaim Ghaeilge atá sé ab ea? M'anam muise go mbeidh fiannaíocht air shul a bhéas aon-Ghaeilge aige. Níl focal in a phluic.
Beidh fiannaíocht air shul a bhéas an teach nua déanta. Níl ábhar ar bith le fáil anois
M'anam muise go bhfuil fiannaíocht ar an lá sin anois: an lá ar tháinig sé isteach annseo ag iarraidh an chléibhín. Nach ag iarraidh cléibhíní a fheicimse chuile lá é! Má chuirtear faoi mo mhionna mise san gcúirt, déarfaidh mé nach gcuimním air — agus ní chuímním
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí ceirt na n-easbaí annseo. Dheamhan é leis an tsíorraíocht
Fiannaíocht in iontrálacha eile (3)
+
An áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht, adeir siad = má bhíonn scéalta fiannaíochta nó seanchas ar siúl ní bheidh comhlódar ag coireadh ar a gcomharsa, ná ag gearradh na ngrást ná a leithide
TUILLEADH (2) ▼
D'eile céard iad ach dearg-bhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhuinneach ar sheacht míle fairrge théachtuithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad in a dheidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
Is mór an siamsa é. Nach fearr é ná a bheith ag gearradh na comharsan. Is mór atá eatorra mo léan. Deir siad an áit a mbíonn fiannaíocht nach mbíonn diabhlaíocht. Ach sí an diabhlaíocht uiliog atá anois ann, agus níl áird ar bith ar an bhfiannaíocht