fiannaíocht
—ainmfhocal, baineann
1.
na scéalta, na dánta agus cur síos ar an ngaisce a rinne Fionn agus na Fianna.
+–
An bhfuil aon fhiannaíocht agat — scéalta nó laoitheannaí Fiannaíochta
Inis scéal fiannaíochta
TUILLEADH (2) ▼
Ba aige a bhí an fhiannaíocht go ndéana Dia grásta air: Laoi Airicín Mhic Annagair, agus Laoi Shadhb na Sadhbhann Óige agus Laoi an Deirg agus a raibh acu ann
Ba bhreá í an fhiannaíocht an fhad is a bhí sí ann. Ní aireofá an oíche ag imeacht aici
+–
B'fhearr go mór a bheith ag fiannaíocht ná an cheird a bhíos i dtithe cuarta anois: ag ithe agus ag gearradh ar an gcomharsa. Ar ndóigh ar chuala tú ariamh é, san áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht — má bhíonn seanscéalta dhá n-inseacht agus daoine ag éisteacht leo, ní bhíonn aon droch-chaint, aon bhéadán ná aon tseamsánacht ann
Ba mhó an sásamh a bhí ar an saol le linn na seandhaoine. Ní iarrfaidís go deo ach ag inseacht scéalta. Agus ní raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht ariamh in éindí. Is cuma leis an líne atá ann anois é ach a bheith ag bearrthóireacht agus ag baint fogha is easpa as chuile dhuine. Diabhal aird ar bith a bheadh ar aon scéal acu. Ba mhór an tsiamsa iad na scéalta muis
TUILLEADH (1) ▼
Éirigh as an nathaíocht sin agus inis amach scéal breá. Nach bhfuil Turas Fhinn go Crích Lochlainn agat? … Is mór an-feall muis. San áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad.
·
Chaith siad an oíche sin, trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian ag ól beoir agus fíon dearg na Spáinne; rinne siad trí treana den oíche: trian le rianaíocht, trian le fiannaíocht, agus trian suain agus sámhchodlata, nó gur gheal an lá lá arna mhárach; chaith siad an oíche sin, trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian idir thromshámh agus síorchodlata; chaith siad an oíche sin, trian le fiannaíocht, trian le scéalaíocht, trian ag ól fíon de chruithneacht dearg na Spáinne — seoraithe sna scéalta. Chuala mé iad seo ar fad, agus tá leagain eile orthu freisin
·
Chaithfeadh sé oíche fhada airneáin ag fiannaíocht
Níl aon ghair aige ar Bh. T. ag fiannaíocht. Níl sé in ann an chulaith ghaisce a chur orthu mar atá B.
2.
+–
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí sé sin i mBaile Átha Cliath — is fadó an lá é; tá inseacht air; tá liostachas air
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí daoine sna seanbhallaí sin. Dheamhan é le céad bliain nó tuilleadh. An bhfuil a fhios agat cé a d'inseodh é sin anois duit? M. an Ch. Tá na seanliagáistí sin ar fad aige
TUILLEADH (6) ▼
Níl a fhios ag aon duine cáide go stopa an rationáil seo. Beidh fiannaíocht air. Dheamhan é nó go bhfairsingí rudaí thar cionn aríst. Más fíor go bhfuil muintir ná dtíreannaí amach ag fáil bháis leis an ocras … Ní cás dúinn é anseo, agus greim ar bith a fháil
An tóchar sin a dhéanamh! Sin scéal a mbeadh fiannaíocht air murach gur casadh an bhó mhór sin timpeall. B'ait a thapaigh mé é! Bhí sé ina shuí thíos ar cholbha an Charracáinín théis a bheith ar snámh. Ag bailiú glaicín chuailleachaí thoir ar an Meathdhuirling a bhí mé fhéin. 'Lá breá é,' adeir sé … Bhain muid amach sa seanchas. 'Gaeilgeoir thú,' adeirimse. 'Ní hea,' adeir sé. 'Ag fámaireacht atá mé.' D'fhiafraigh sé ansin tuige na cuailleachaí. D'inis mé fhéin dhó. Ach le scéal gearr a dhéanamh dhó, chaintigh mé ar an tóchar, agus go raibh an talamh báite cheal a dhéanta. 'An 'speáinfeá dhom é,' adeir sé … — ní dhéanfaí go ceann fada é, agus bheadh a lán cainte agus scríbhneoireacht air
Ag foghlaim Ghaeilge atá sé ab ea? M'anam muise go mbeidh fiannaíocht air shula bheas aon Ghaeilge aige. Níl focal ina phluic.
Beidh fiannaíocht air shula bheas an teach nua déanta. Níl ábhar ar bith le fáil anois
M'anam muise go bhfuil fiannaíocht ar an lá sin anois: an lá ar tháinig sé isteach anseo ag iarraidh an chléibhín. Nach ag iarraidh cléibhíní a fheicimse chuile lá é! Má chuirtear faoi mo mhionna mise sa gcúirt, déarfaidh mé nach gcuimhním air — agus ní chuimhním
Tá fiannaíocht ar an uair a bhí ceirt na n-easpaí anseo. Dheamhan é leis an tsíoraíocht
fiannaíocht in iontrálacha eile (7)
→
bocht 1
Beidh fiannaíocht air siúd shul ó fhéadfas sé aon chois a chur faoi. Is bocht an lot atá air — an duine bocht.
→
buail ar
Mura mbuailtear orm (liom) ar an aonach amárach é, beidh fiannaíocht air shula fheicfeas mé aríst é
Déarfadh sé go maith anseo é, ach cuirfidh mé geall leat nach n-abróidh sé in mo láthairse é. Ní abróidh a mhaisce, mar tá faitíos air go dtógfainn é. Sin é a bhfuil aige, Laoi na Mná Móire, agus tá sé chomh práinneach as sin agus a bheadh cat as póca. Ní bheidh sé ag aon duine eile nó is cinniúint air é. Sin é an fear daoithiúil i gcónaí. Nach mbíodh L. ar an gcaoi chéanna le M. Ní abródh sé píosa Fiannaíochta a bhí aige in áit ar bith dá gcasfaí M. faitíos a dtógfadh M. é. Mheabhraigh M. do dhuine eicínt eile a dhul isteach agus é a chur dhá rá, agus sheas sé féin sa doras dúnta ag éisteacht. Chuaigh sé isteach de mhaoil a mhainge an oíche dhár gcionn agus dúirt sé chuile mhíle focal di do L. Nuair a chuala L. é, bhí sé i ndiaidh sásaimh ar chuma eicínt. 'Tá trí ceathrúnaí nár chuir mé ann,' arsa seisean. 'Bhí a fhios agam go raibh tú sa doras iata.' Bhraith sé é … Dheamhan ceathrú ná cuid de cheathrú a bhí ar iarraidh ach bhí air (aige) marach eicínt a fháil air …
+
An áit a mbíonn fiannaíocht ní bhíonn diabhlaíocht adeir siad — má bhíonn scéalta Fiannaíochta nó seanchas ar siúl ní bheidh comhluadar ag coiriú ar a gcomharsa, ná ag gearradh na ngrást ná a leithide
TUILLEADH (2) ▼
Deile céard iad ach deargbhréaga! Meas tusa an raibh fear ar bith ariamh acmhainneach ar sheacht míle farraige théachtaithe a chaitheamh de léim! Ach deir siad ina dhiaidh sin nach raibh fiannaíocht agus diabhlaíocht in éindí ariamh
Is mór an siamsa é. Nach fearr é ná a bheith ag gearradh na comharsan. Is mór atá eatarthu mo léan. Deir siad an áit a mbíonn fiannaíocht nach mbíonn diabhlaíocht. Ach 'sí an diabhlaíocht uileag atá anois ann, agus níl aird ar bith ar an bhfiannaíocht
→
téigh le
Chuaigh mé lá leis (ag obair dó) anseo anuraidh ag baint fhataí agus diabhal aithne a bhí air nach do mo íoc a bhí sé, bhí a laghad sin buíochais aige orm. Beidh a shliocht air: beidh fiannaíocht air shula chuirfeas mise láí i dtalamh aríst aige.