Fiarachaí
—Ainmfhocal
—san iolraidh amháin a chualas
—
tulaigh, criathrach, sliabh, talamh garbh nó riascach; an talamh a bhíos ar chiúis an mhinligh, barra garbha. (I gConamara tá stiall talamh cuir thart leis an bhfarraige, agus na fiarachaí ar a cúl sin amuigh).
+–
Tá sé tuilleadh amach faoi na fiarachaí. Ní cladóir é = ní in aice an chladaigh atá sé, ach amach i mbéal nó i mbrollach an tsléibhe
Tá limistéar mór talúna aige, ach má tá is fiarachaí ar fad é. Dhá mbeadh sé sách fíriúil mar a bheadh fear, d'fhéadfadh sé cuid dhe a shaothrú. Ach sin caoi nach bhfuil sé.
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhfaidís (beithigh) tiomsacht ar na fiarachaí sin suas i mbarr an bhaile, ach ní dhéanfaidís aon-chomhnaí ann in a dheidh sin. Ag sanntú an chineáltais anuas annseo. Uabhar atá orra, na scéiméaraí!