Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiarachaí
ainmfhocal
san iolra amháin a chualas
tulaigh, criathrach, sliabh, talamh garbh nó riascach; an talamh a bhíos ar chiumhais an mhínligh, barra garbha. I gConamara tá stiall talamh cuir thart leis an bhfarraige, agus na fiarachaí ar a cúl sin amuigh.
+
Tá sé tuilleadh amach faoi na fiarachaí. Ní cladóir é — ní in aice an chladaigh atá sé, ach amach i mbéal nó i mbrollach an tsléibhe
Tá limistéar mór talúna aige ach má tá, is fiarachaí ar fad é. Dhá mbeadh sé sách fíriúil mar a bheadh fear, d'fhéadfadh sé cuid dhe a shaothrú. Ach sin caoi nach bhfuil sé.
TUILLEADH (1) ▼
Gheobhaidís (beithígh) tiomsacht ar na fiarachaí sin suas i mbarr an bhaile ach ní dhéanfaidís aon chónaí ann ina dhiaidh sin. Ag santú an chineáltais anuas anseo. Uabhar atá orthu, na scéiméaraí!