Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiata, Fiatúil
Aidiachta
deirtear "fiata", agus "fiatúil", ach "iata" ar fad atá i gcéill 1 in áiteacha i Camas, Rosmuc
1.
iata le f sciorrach = otruithe; reamhruithe oiltiúil.
·
Duine fiata é (fiatúil) anois. Reamhruigh sé go mór ó a chonnaic mé go deireannach é (fc. iata)
2.
a.
bog, séimh.
+
Is fiata go fada an féar atá ar an gcúilín thoir ná an féar láidir sin abhus = is séimhe, is boige é; níl sé cho láidir leis an bhféar abhus
D'eirigh mé leis an lá maidin an lá cheana, agus chuaigh mé suas inGarraí Th. Bhí sé breacha le coiníní ag ithe geamhair. Airíonn siad an geamhar óg siúd fiata = séimh, gan a bheith bríomhar
TUILLEADH (2) ▼
Níl an fheamainn bheag sin i mbarr cladaigh, baol air cho teangmháilte leis an bhfeamainn atá síos ar an íochtar. Feamainn fhiata í
Tá an tuí sin fiata thar do chuidsa = séimh
b.
neamh-bhorb, leamh.
+
Tá blas fiata ar an rum. Níl sé cho searbh ná cho géar leis an bhfuisce = is neamhbhoirbe é le n-ól, ach tá sé leamh mar sin fhéin, agus b'fhéidir gur troime ar dhuine é; blas domblais
Is fiata an fuisce a gheobhfá tí P. Bh. go mór ná fuisce Bh. Is fhearr a thaithneódh sé le go leor, ach chítear dom fhéin go bhfuil sé buille leamh
TUILLEADH (2) ▼
An deoch fhiata é an "gin"? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cés moite den fuisce, agus den phórtar
Tá an mhuicfheoil sin breá fiata, ach bhí mairtfheoil annsin an lá cheana agus diabhal mé nach bhfuair mé blas ar bith uirre. Bhí sí an-cheasúil, agus an-tromchroidheach go deo
3.
gan a bheith acmhainneach ar mhórán a ithe ná a ól.
+
Tá sé cho fiatúil agus nach bhfuil sé indon mórán a ithe = duine so-thóighe
Nach fiatúil é agus é ag cur suas don ól mar sin. Shíl mé go n-ólfadh sé siúd bleánach mhaith
TUILLEADH (1) ▼
Beannacht Dé dhuit! Nach bhfuil sé cho fiata agus nach bhféadann sé tada a ithe

Féach freisin

iata