fiata, fiatúil
—aidiachtaí
1.
otraithe; ramhraithe oiltiúil; iata le f sciorrach
·
Duine fiata é (fiatúil) anois. Ramhraigh sé go mór ó chonaic mé go deireanach é (fc. iata)
2.
a.
bog, séimh.
+–
Is fiata go fada an féar atá ar an gcúilín thoir ná an féar láidir sin abhus — is séimhe, is boige é; níl sé chomh láidir leis an bhféar abhus
D'éirigh mé leis an lá maidin an lá cheana agus chuaigh mé suas i nGarraí Th. Bhí sé breactha le coiníní ag ithe geamhair. Airíonn siad an geamhar óg siúd fiata — séimh, gan a bheith bríomhar
TUILLEADH (2) ▼
Níl an fheamainn bheag sin i mbarr cladaigh baol air chomh teangmháilte leis an bhfeamainn atá síos ar an íochtar. Feamainn fhiata í
Tá an tuí sin fiata thar do chuidse — séimh
b.
neamhbhorb, leamh.
+–
Tá blas fiata ar an rum. Níl sé chomh searbh ná chomh géar leis an bhfuisce — is neamhbhoirbe é le n-ól, ach tá sé leamh mar sin fhéin, agus b'fhéidir gur troime ar dhuine é; blas domlais
Is fiata an fuisce a gheofá tí P. Bh. go mór ná fuisce Bh. Is fhearr a thaitneodh sé le go leor, ach chítear dom fhéin go bhfuil sé buille leamh
TUILLEADH (2) ▼
An deoch fhiata é an gin? Níor ól mé ariamh é. Deochannaí cuideáin domsa ar fad iad cé is moite den fuisce, agus den phórtar
Tá an mhuiceoil sin breá fiata, ach bhí mairteoil ansin an lá cheana agus diabhal mé nach bhfuair mé blas ar bith uirthi. Bhí sí an-cheasúil agus an-tromchroíoch go deo
3.
gan a bheith acmhainneach ar mhórán a ithe ná a ól.
+–
Tá sé chomh fiatúil agus nach bhfuil sé in ann mórán a ithe — duine sothógtha
Nach fiatúil é agus é ag cur suas don ól mar sin. Shíl mé go n-ólfadh sé siúd bleánach mhaith
TUILLEADH (1) ▼
Beannacht Dé dhuit! Nach bhfuil sé chomh fiata agus nach bhféadann sé tada a ithe