Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fidín Balla Fidín
Ainmfhocal fireann
Uimhir Iolraidh: "fidíní"
deirtear "fidín" agus "balla fidín"
cineál claidhe nó balla: fáire: an fód a bhaint; dubh-chúrsa de chlocha beaga nó de spalaí a dhéanamh; an claidhe a chur troigh nó mar sin as cionn talúna; annsin claidhe aon-chloiche a dhéanamh dhe as sin suas, le clocha móra. Nó an stúáil clocha bheaga agus spalaí a chuirtear idir an "máithreachaí" i gclaidhe; nó an dubh-chúrsa clocha beaga a theigheas i mbonn tí nó cró. Sé mórán an rud céana é ar fad. Clocha beaga a bhíos ann idir na máithreacha i gcomhnaí. Is furasta aithinte na clocha móra in uachtar i gclaidhe agus an fidín in íochtar. Fidín a bhíodh sna sean-chlaidheachaí ar fad mórán. Déantar amhlaidh fós iad freisin.
+
Is diabhlaí an claidhe atá sé a dhéanamh agus fidín in a leath = san leath íochtair
Cé l'aghaidh a bhfuil sé ag déanamh balla fidín annsiúd? 'Ar ndó' ní ag brath dhá leith a dhéanamh den gharraí atá sé?
TUILLEADH (7) ▼
Cuir isteach máithreachaí len a bhun agus déan balla fidín eatorra le na mainnt a líonadh. Beidh claidhe dúshlánach agad annsin deirimse leat
An bhfeiceann tú an dá leachta sin thiar? Tá greadadh mion-chloch ionta l'aghaidh an fhidín
Ní raibh aon-chlaidheachaí ann mar na fidíní in a dhiaidh sin. Siad atá amach annsin ar fad. Ní chlisfidh siad go deó
Tá fidín an chlaidhe slán. Níl call duit a dhéanamh ach suas ón a leath.
Ná bac le na clocha sin. Is furasta clocha fidín a fháil. Máithreachaí agus clocha cuir a theastódh anois. Tá neart clocha stúala is chuile áit annsin
Nach ndéanfadh chuile fhear balla fidín? Céard atá ort ach riar clocha teangmháilte a fháil l'aghaidh máithreachaí? Diabhal aithne oraibh nach ag dul ag déanamh caisleáin atá sibh! B'fhearr dhaoib a dhul ag tóraíocht an Ghobán Saor go dtuga sé déanamh Chaisleán Bhaile an Chláir air! Is oraibh atá an fuile faile ingeall ar an sean-chlaidhe sin, agus go mbeadh sé déanta ag fear ar céallacan!
Beidh an claidhe siúd cho daingean le sconnsa aige. Tá sé ag cur fidín ann go dtín a leath. Caifidh sé an bhliain leis sin anois, agus ní chuirfidh sé díol dreóillín d'fhataí. Sé a bhuac a bheith ag pléidh le clocha. Tabhair ord agus gró dhó, agus sin é a n-iarrfaidh sé
·
An bhfuil an cró déanta aige! An bhfuil an fidín déanta aige fós? Sílim nach bhfuil ná an fód bainte = an dubh-shraith san áit a mbaintear an fód
Dhá mbeadh an fidín seo fhéin déanta, bheadh comhshnáth faoi (gó-snáth?), arsa tusa. Ba mhór an mhaith sin fhéin. Is fada go mbeidh sé go cloch spideóige. Tá aon-bhliain amháin air (teach).

Fidín in iontrálacha eile (3)

 
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leabaidh dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur in a bholg amach annseo ach a dteanna an t-ocras leis
 
Déan balla fidín idtosach, a's biorruigh suas annsin é le leath-chlocha.
 
fál
Ag déanamh fáil atá siad le dhá lá. Sea agus claidhe dúshlánach. Tá siad ag cur balla fidín in íochtar agus clocha coiléir as sin suas