—
cineál claí nó balla, fáire: an fód a bhaint; dubhchúrsa de chlocha beaga nó de spallaí a dhéanamh; an claí a chur troigh nó mar sin os cionn talúna; ansin claí aon chloiche a dhéanamh dhe as sin suas le clocha móra. Nó an stuáil clocha bheaga agus spallaí a chuirtear idir an máithreachaí i gclaí; nó an dubhchúrsa clocha beaga a théas i mbonn tí nó cró. 'Sé mórán an rud céana é ar fad. Clocha beaga a bhíos ann idir na máithreacha i gcónaí. Is furasta a aithinte na clocha móra in uachtar i gclaí agus an fidín in íochtar. Fidín a bhíodh sna seanchlaíochaí ar fad mórán. Déantar amhlaidh fós iad freisin.
+–
Is diabhlaí an claí atá sé a dhéanamh agus fidín ina leath — sa leath íochtair
Cé le aghaidh a bhfuil sé ag déanamh balla fidín ansiúd? Ar ndóigh ní ag brath dhá leith a dhéanamh den gharraí atá sé?
TUILLEADH (7) ▼
Cuir isteach máithreachaí lena bhun agus déan balla fidín eatarthu le na maint a líonadh. Beidh claí dúshlánach agat ansin deirimse leat
An bhfeiceann tú an dá leachta sin thiar? Tá greadadh mionchloch iontu le aghaidh an fhidín
Ní raibh aon chlaíochaí ann mar na fidíní ina dhiaidh sin. 'Siad atá amach ansin ar fad. Ní chlisfidh siad go deo
Tá fidín an chlaí slán. Níl call duit a dhéanamh ach suas óna leath.
Ná bac le na clocha sin. Is furasta clocha fidín a fháil. Máithreachaí agus clocha cuir a theastódh anois. Tá neart clocha stuála i chuile áit ansin
Nach ndéanfadh chuile fhear balla fidín? Céard atá ort ach riar clocha teangmháilte a fháil le aghaidh máithreachaí? Diabhal aithne oraibh nach ag dul ag déanamh caisleáin atá sibh! B'fhearr dhaoibh a dhul ag tóraíocht an Ghobán Saor go dtuga sé déanamh Chaisleán Bhaile an Chláir air! Is oraibh atá an fuile faile i ngeall ar an seanchlaí sin, agus go mbeadh sé déanta ag fear ar céalacan!
Beidh an claí siúd chomh daingean le sconsa aige. Tá sé ag cur fidín ann go dtí n-a leath. Caithfidh sé an bhliain leis sin anois, agus ní chuirfidh sé díol dreoilín d'fhataí. 'Sé a bhuac a bheith ag plé le clocha. Tabhair ord agus gró dhó agus sin é a n-iarrfaidh sé
·
An bhfuil an cró déanta aige! An bhfuil an fidín déanta aige fós? Sílim nach bhfuil ná an fód bainte — an dúshraith san áit a mbaintear an fód
Dhá mbeadh an fidín seo fhéin déanta, bheadh comhshnáth faoi (gó-snáth?), arsa tusa. Ba mhór an mhaith sin fhéin. Is fada go mbeidh sé go cloch spideoige. Tá aon bhliain amháin air (teach)
fidín in iontrálacha eile (3)
→
fánach
Is fánach an cheird atá air, ag déanamh balla fidín i leaba dhó a bheith ag déanamh an earraigh. Ní fhéadfaidh sé an balla fidín sin a chur ina bholg amach anseo ach a dteanna an t-ocras leis
→
fál
Ag déanamh fáil atá siad le dhá lá. Sea agus claí dúshlánach. Tá siad ag cur balla fidín in íochtar agus clocha coiléir as sin suas