Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Filltíní
Ainmfhocal; Fireann
1.
roic, cruinniúchaí, fonnsaí, siuntaí, uaimeannaí.
+
Tá do bhríste faoi fhilltíní ar fad = fillicíní, fithíní, figíní, roic. Is sórt fáithime nó fúála a dhéantar ar éadach é freisin: chrapfá an t-éadach isteach faoin gcuid as a chionn agus phléatálfá é nó chuirfeá "tiuc" ann
Tá filltíní in do chuid éadaigh. Cén áit a raibh tú do t'ionnfairt féin = cruinniúchaí nó sórt roic a bheith ann (creases)
TUILLEADH (3) ▼
An faoi do chloigeann a bhí do chóta mór agad ar feadh na hoíche? Tá sé as a comhraíocht le filltíní (fíthíní, figíní). Caithfidh an t-iarann a dhul air anois le na filltíní sin a mhíniú
Éadach mar sin níor mór na filltíní a bhaint as nuair a thiocfadh sé ón bhfíodóir
Caithfidh mé na fúálachaí agus an filltíní seo a bhaint as anois. Is gearr a bhéas mé leis. Beidh sé (feisteas) réidh glan agad le cur suas ar do chraiceann annsin
·
Tá filltíní in a bholg anois de bharr mo chuid geamhair-sa
2.
cineál fáithimeannaí.
·
Tá déanamh nua ar a gúna. Filltíní uilig atá thíos annseo ann = pléataí

Filltíní in iontrálacha eile (1)

 
danra
Tá an snáth seo dan(d)ra ag caislimíní agus ag filltíní. Réidhtigh é má fhéadann tú