Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
filltín, filltíní
ainmfhocal, fireann
a.
roic, cruinniúchaí, fonsaí, siúntaí, uaimeannaí.
+
Tá do bhríste faoi fhilltíní ar fad — fillicíní, fithíní, figíní, roic. Is sórt fáithime nó fuála a dhéantar ar éadach é freisin: chrapfá an t-éadach isteach faoin gcuid os a chionn agus phléatálfá é nó chuirfeá "tiuc" ann
Tá filltíní in do chuid éadaigh. Cén áit a raibh tú do t'únfairt féin — cruinniúchaí nó sórt roic a bheith ann (creases)
TUILLEADH (3) ▼
An faoi do chloigeann a bhí do chóta mór agat ar feadh na hoíche? Tá sé as a comharthaíocht le filltíní (fithíní, figíní). Caithfidh an t-iarann a dhul air anois le na filltíní sin a mhíniú
Éadach mar sin níor mór na filltíní a bhaint as nuair a thiocfadh sé ón bhfíodóir
Caithfidh mé na fuálachaí agus an filltíní seo a bhaint as anois. Is gearr a bheas mé leis. Beidh sé (feisteas) réidh glan agat le cur suas ar do chraiceann ansin
·
Tá filltíní ina bholg anois de bharr mo chuid geamhairse
b.
cineál fáithimeannaí.
·
Tá déanamh nua ar a gúna. Filltíní uilig atá thíos anseo ann — pléataí

filltín in iontrálacha eile (1)

 
danra
Tá an snáth seo danra ag caislimíní agus ag filltíní. Réitigh é má fhéadann tú