Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiodán
Ainmfhocal, Fireann
an Taobh Mín: taobh istigh de Mhuighcuilinn. Ní shin é an chiall san Taobh Garbh: idir Muighcuilinn agus an Spidéal. Níor chuala mé in áit ar bith eile é
coillte nó coilleógaí.
+
Seo í tír an slat agus na bhfiodán = na gcoillte (an Taobh Mín)
Gheobhaidh tú neart scoilb sna fiodáin sin suas, má theigheann tú ar a dtóraíocht
TUILLEADH (1) ▼
Fiodáin ar fad í an tír seo ó fhágfas tú an Garraí Gabhann (Muighcuilinn) go dteighe tú go Bord Locha.

Féach freisin

Fiodán in iontrálacha eile (12)

+
Chas sé liom thuas ag an bhFiodán Mór = áit in aice le Droichead na gCnoc, idir Muighcuilinn agus an Spidéal. Tá an fiodán chois an bhóthair ann ag rith san sliabh
TUILLEADH (11) ▼
Ní fhéadfá aon-mhóin a chur anoir annsin. Tá fiodán rómhat. Dhá mbeadh cupla clár agad a leagfá air
Brisfidh mé fiodán an chaca ionad le cic = an dollán a gcacann duine as; poll an chaca
"Níl "lady" dhá bhreátha inGaillimh nach bhfuil fiodán an chaca síos thrín a lár" = sórt leathfhocal
Cuirfidh mé an bata seo suas fiodán an chaca agad
Tá fiodán an uisce calcuithe air = an áit a dteagann an t-uisce as
Bhí an oiread pislíní len a bhéal, agus a bheadh de mhin as fiodán muilinn = an áit a leigeann an muileann an mhin amach
"Bhí fiodán suain ag an gcailín agus sháith sí in a chloigeann é, agus thuit an codladh céatach ar an bpuinnte air" (As scéal ó Sheoirse Mhac Artúr, Leitir Mucú, Casla. Ní mhaireann sé anois) = rud a mbeadh deoch shuain ann is cosúil; biorán suain
Cuireadh fiodán suain san gceann seo, marar eirigh sé fós
Tá fiodán suain ann. Ní eiríonn sé lá ar bith go mbíonn an dó dhéag bainte aige
Má thugaimse failicín duit cuirfidh mé fiodán suain ionad = cuirfidh mé codladh ort = ní thiocfaidh tú chugad féin aríst go ceann tamaill
Má fhaghann sé siúd aon-leigean ar T. cuirfidh sé fiodán suain ann = gortóidh sé é