Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiodán
ainmfhocal, fireann
an Taobh Mín: taobh istigh de Mhaigh Cuilinn. Ní hin é an chiall san Taobh Garbh: idir Maigh Cuilinn agus an Spidéal. Níor chuala mé in áit ar bith eile é
coillte nó coilleogaí.
+
Seo í tír an slat agus na bhfiodán — na gcoillte (an Taobh Mín)
Gheobhaidh tú neart scoilb sna fiodáin sin suas, má théann tú ar a dtóraíocht
TUILLEADH (1) ▼
Fiodáin ar fad í an tír seo ó fhágfas tú an Garraí Gabhann (Maigh Cuilinn) go dté tú go Bord Locha.

Féach freisin