Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiola
Ainmfhocal; Fireann
cíor thuaifill; dóigh; ballséire; ballodhair.
+
Tá sé in a fhiola ceart aige = thar bharr a chéile; in a chíor thuaifill
Déanfaidh sé fiola dhíot mara bhfana tú uaidh. Is biadh agus beatha leis sin a bheith ar an deaghchaint sin. Ní hé is measa ach an té a thiúrfadh áird air
TUILLEADH (2) ▼
Suidhfidh sé i mbun T. Déanfaidh sé fiola dhó (dhe) mara ndíbrighe sé uaidh é. Deir siad gurb é an cheird a bhí orra thíos ann an oíche cheana, ag caitheamh na teine suas ar fud an tí. Dheamhan a gcomhnóidh siad go gcuire siad an teach thrí lasadh air. Is dóibh is mó náire a bheith ag siocadh le sean-fhear bocht mar sin
Shílfeá gur rún atá agaibh fiola a dhéanamh dhíomsa anois mar a rinne sib den fhear ar ball. Mo choinsias sdar m'anam muis go mbeidh a leath fúib fhéin mara leige sib domsa