Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiolla
ainmfhocal, fireann
cíor thuaifil; dóigh; ball séire; baileabhair.
+
Tá sé ina fhiolla ceart aige — thar bharr a chéile; ina chíor thuaifil
Déanfaidh sé fiolla dhíot mura bhfana tú uaidh. Is bia agus beatha leis sin a bheith ar an dea-chaint sin. Ní hé is measa ach an té a thabharfadh aird air
TUILLEADH (2) ▼
Suífidh sé i mbun T. Déanfaidh sé fiolla dhó (dhe) mura ndíbrí sé uaidh é. Deir siad gurb é an cheird a bhí orthu thíos ann an oíche cheana, ag caitheamh na tine suas ar fud an tí. Dheamhan a gcónóidh siad go gcuire siad an teach thrí lasadh air. Is dóibh is mó náire a bheith ag siocadh le seanfhear bocht mar sin
Shílfeá gur rún atá agaibh fiolla a dhéanamh dhíomsa anois mar a rinne sibh den fhear ar ball. Mo choinsias is dar m'anam muis, go mbeidh a leath fúibh fhéin mura lige sibh domsa