Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiolladóir
Ainm-fhocal: Fireann
creachadóir; rubálaí; cneamhaire; (b'fhéidir gur h-ionann é ó cheart agus fealladóir, ach ní mara chéile an chiall atá leo anois ar aon-nós).
+
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcomhnaí i leabaidh druim díbearha a chur air as an tír!
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis, agus ní imeódh sé uaim cho saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh in a shiopa, agus déarfadh sé in a dheidh sin gurb é atá ag coinneál leath na ndaoine beó! Nar ba gán measa a bhéas sé!
TUILLEADH (2) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuinntir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mara mbeadh sé te nó trom — bhí sé árdaithe leó aca. Is leitheadaí a labhaireóidís ná duine ar fónamh in a dheidh sin
Cén sórt scilipéaracht atá ar an bhfiolladóir sin annsin? Ag forcamhás atá sé nó go n-eirí rud eicínt leis a ghoidfeas sé