Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiolladóir
ainmfhocal, fireann
creachadóir; robálaí; cneámhaire. B'fhéidir gur hionann é ó cheart agus fealladóir, ach ní mar a chéile an chiall atá leo anois ar aon nós.
+
Sin é an fiolladóir bradach. Ní fhágfadh sé bonn bán ort dhá ngéilltheá dhó. Is maith leis an rith uachtair a bheith aige i gcónaí i leaba droim díbeartha a chur air as an tír!
Faraor dóite deacrach nach mise a bhí ag éisteacht leis agus ní imeodh sé uaim chomh saor sin. An fiolladóir bradach a bhfuil an tír creachta aige, agus a dhá luach ar chuile mhíle ní istigh ina shiopa, agus déarfadh sé ina dhiaidh sin gurb é atá ag coinneáil leath na ndaoine beo! Nár ba gann measa a bheas sé!
TUILLEADH (2) ▼
In a bhfiolladóirí mar sin a chaith S. Ph. Sh. agus a mhuintir ag imeacht ariamh. Rud ar bith a gheobhaidís ar sliobarna — agus mura mbeadh sé te nó trom — bhí sé ardaithe leo acu. Is leitheadaí a labhróidís ná duine ar fónamh ina dhiaidh sin
Cén sórt scilipéaracht atá ar an bhfiolladóir sin ansin? Ag forcamhás atá sé nó go n-éirí rud eicínt leis a ghoidfeas sé