Fionnbheara
—Ainmfhocal: Dílis
—
Rí Shluagh Sidhe Chonnacht; tá a bhruidhinn i gCnoc Meádha, in aice Caisleán an Aicéidigh soir ó Áth Cinn. Sé Fionnbheara a bhíos go minic ina cheann ar an sluagh sidhe agus iad ag bualadh báire ar leanaí oícheanntaí gealaí, nó ag goid bhan, nó ag tabhairt fear leó ar imirce na hoíche, nó ag tabhairt fuadach as ar pháistí agus ag fágáil síogaí in a n-áit etc. Tá an iomad de na scéalta sin ann. Is iomdha trácht air i scéalta agus in amhráin:
+–
"Lá breá dhá raibh mé ag seóltóireacht ar charra Chille Mhóir; Cé a d'fheicfinn ag dul Camas ach Fionnbheara i mbád seóil" (an tosach atá ar amhrán a rinne Féilim Mhac Dhubhghaill: "an Bhó Bhán")
"Chuir mé í le ualach craicne go dtí Fionnbheara máistir ó na bruidhne" (as ceathrú faoi láir a chuaigh amú)
TUILLEADH (2) ▼
"Tháinig mé isteach go dtí Fionnbheara Mheádha; A ghunna in a láimh agus é i gcíonn (ag traenáil) a chuid airm; Bhí fuisce ar an mbórd aige, agus muicfheóil dhá róstadh aige; Agus fiche fíodóir igclúid chois an teallaigh ann" (as giota filíochta: An Bheirt Shíogaí)
"Agus go bhfuil sí le dhá mhíle bliain ag Fíonnbheara (i bpríosúntacht); I mbruidhin Chnoc Meádha" (Colm a Bhailis in "Amhrán na Bó")
+–
Theanguigh Fionnbheara leis = theanguigh Fionnbheara Mheádha (/v′ā/) leis (Fionnbheara Mheádha a thugtar go minic air); tá sé imithe ag an sluagh sidhe; tá fuadach as air
Níl a fhios agamsa cáil sé (asal ar iarraidh) marab é Fionnbheara a thug go Chnoc Meádha é
TUILLEADH (3) ▼
Ná bí amuigh anocht (oíche Shamhna) nó tiúrfaidh Fionnbheara go Cnoc Meádha thú!
Tá an gamhain sin imithe ar an uisce bruite. Shílfeá go bhfuil sé ag fáil cinnireacht mhaith muis. Déarfaidís fadó gur imithe ag Fionnbheara go Cnoc Meádha a bheadh sé, nuair a d'fheicfidís ag imeacht as mar sin é, ach níl áird ar bith ar na scéalta sin anois
M'anam má leag Fionnbheara láimh ar aonduine ariamh gur leag sé air sin é. Tá faitíos orm nach n-ólfaidh sé aon-deóir bhainne sláinte len a mharthainn aríst