Fionnbheara
—ainmfhocal dílis
—
Rí shlua sí Chonnacht; tá a bhruín i gCnoc Meá, in aice Caisleán an Aicéidigh soir ó Áth Cinn. 'Sé Fionnbheara a bhíos go minic ina cheann ar an slua sí agus iad ag bualadh báire ar leanaí oícheantaí gealaí, nó ag goid bhan, nó ag tabhairt fear leo ar imirce na hoíche, nó ag tabhairt fuadach as ar pháistí agus ag fágáil síogaí ina n-áit srl. Tá an iomad de na scéalta sin ann. Is iomaí trácht air i scéalta agus in amhráin.
+–
"Lá breá dhá raibh mé ag seoltóireacht ar charra Chille Mhóir; Cé a d'fheicfinn ag dul Camas ach Fionnbheara i mbád seoil" — an tosach atá ar amhrán a rinne Féilim Mhac Dhubhghaill: An Bhó Bhán
"Chuir mé í le ualach craicne go dtí Fionnbheara máistir ó na bruíne" — as ceathrú faoi láir a chuaigh amú
TUILLEADH (2) ▼
"Tháinig mé isteach go dtí Fionnbheara Mheá; A ghunna ina láimh agus é i gcionn (ag traenáil) a chuid airm; Bhí fuisce ar an mbord aige, agus muiceoil dhá róstadh aige; Agus fiche fíodóir i gclúid chois an teallaigh ann" — as giota filíochta: An Bheirt Shíogaí
"Agus go bhfuil sí le dhá mhíle bliain ag Fionnbheara (i bpríosúntacht); I mbruín Chnoc Meá" — Colm a Bhailis in Amhrán na Bó
+–
Theangaigh Fionnbheara leis — theangaigh Fionnbheara Mheá (/v′ā/) leis. Fionnbheara Mheá a thugtar go minic air; tá sé imithe ag an slua sí; tá fuadach as air
Níl a fhios agamsa cá'il sé (asal ar iarraidh), murab é Fionnbheara a thug go Chnoc Meá é
TUILLEADH (3) ▼
Ná bí amuigh anocht (oíche Shamhna) nó tabharfaidh Fionnbheara go Cnoc Meá thú!
Tá an gamhain sin imithe ar an uisce bruite. Shílfeá go bhfuil sé ag fáil cinnireacht mhaith muis. Déarfaidís fadó gur imithe ag Fionnbheara go Cnoc Meá a bheadh sé nuair a d'fheicfidís ag imeacht as mar sin é, ach níl aird ar bith ar na scéalta sin anois
M'anam má leag Fionnbheara láimh ar aon duine ariamh gur leag sé air sin é. Tá faitíos orm nach n-ólfaidh sé aon deoir bhainne sláinte lena mharthain aríst