Fionnán
—Ainmfhocal Dílis
—
Ainm Naoimh; níl sé in a ainm san gceanntar seo anois má bhí ariamh. Florry, Florence agus Fineen a thugtar i gCiarraí air.
+–
Lá Fhéile Fionnán = deir siad gur trí lá roimh lá Nollag é, ach ní féidir a bheith dearfa anois. Tugtar Lá Fhéile Tomás ar an lá céanna nó ar an lá roimhe. Deireadh na seandaoine i gcomhnaí gurbh shin é Lá Fhéile Fionnáin.
"Lá Fhéile Fionnán Fínn a roinntear an fuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar (ghlas)"; "Lá Fhéile Fionnán Fhuar a theigheas an cloch fhuar san uisce agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a eiríos sí aisti (a bhaintear as an chloch fhuar)"; "Lá Fhéile Fionnán fuar a theigheas roinnt ar an bhfuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar; "Oíche Fhéile Fionnáin a chuirtear mír ar an bhfuacht" = ní bhíonn fuacht an gheimhridh ceart ann go dtí Lá Fhéile Fionnáin, agus ní thosaíonn an ghaimh ag imeacht aríst as go dtí Lá Fhéile Pádraig
TUILLEADH (3) ▼
Inniu Lá Fhéile Fionnáin. Deir siad gur inniu a theigheas an chloch fhuar san uisce, agus go mbeidh sí ann aríst go dteaga Lá Fhéile Pádraig
Romhat amach atá, anois. Inniu Lá Fhéile Fionnáin agus roinntear an fuacht. Ba shin é seanchas na sean-unndúirí ar chaoi ar bith. Trí lá roimh lá Nollag a cheapaidís do Lá Fhéile Fionnáin
Sí anocht oíche Fhéile Fionnáin. Cuirfidh an oíche anocht mír ar an bhfuacht. Níl aon-lá ariamh san saol nach shin é a chloisinn. Ní bhainfear an chloch fhuar as aríst go bhfeice tú Lá Fhéil Pádraig. "Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch ghlas", adeiridís