Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fionnán
ainmfhocal dílis
Ainm Naoimh; níl sé ina ainm sa gceantar seo anois má bhí ariamh. Florry, Florence agus Fineen a thugtar i gCiarraí air.
+
Lá Fhéile Fionnán — deir siad gur trí lá roimh Lá Nollag é, ach ní féidir a bheith dearfa anois. Tugtar Lá Fhéile Tomás ar an lá céanna nó ar an lá roimhe. Deireadh na seandaoine i gcónaí gurbh in é Lá Fhéile Fionnáin.
"Lá Fhéile Fionnán Finn a roinntear an fuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar (ghlas)"; "Lá Fhéile Fionnán Fhuar a théas an cloch fhuar san uisce agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a éiríos sí aisti" (a bhaintear as an chloch fhuar); "Lá Fhéile Fionnán fuar a théas roinnt ar an bhfuacht agus Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch fhuar"; "Oíche Fhéile Fionnáin a chuirtear mír ar an bhfuacht" — ní bhíonn fuacht an gheimhridh ceart ann go dtí Lá Fhéile Fionnáin, agus ní thosaíonn an ghoimh ag imeacht aríst as go dtí Lá Fhéile Pádraig
TUILLEADH (3) ▼
Inniu Lá Fhéile Fionnáin. Deir siad gur inniu a théas an chloch fhuar san uisce, agus go mbeidh sí ann aríst go dteaga Lá Fhéile Pádraig
Romhat amach atá anois. Inniu Lá Fhéile Fionnáin agus roinntear an fuacht. Ba in é seanchas na seanfhondúirí ar chaoi ar bith. Trí lá roimh Lá Nollag a cheapaidís do Lá Fhéile Fionnáin
'Sí anocht Oíche Fhéile Fionnáin. Cuirfidh an oíche anocht mír ar an bhfuacht. Níl aon lá ariamh sa saol nach in é a chloisinn. Ní bhainfear an chloch fhuar as aríst go bhfeice tú Lá Fhéil Pádraig. "Lá Fhéile Pádraig na bhFeart a bhaintear as an chloch ghlas", adeiridís

Féach freisin

Fionnán in iontrálacha eile (2)

 
Is fada an bealach é go Fionnán — aistear nó turas fada é.
 
fuacht
"Lá Fhéile Fionnán Fionn a roinntear an fuacht" srl. (fc. Fionnán)