Fionnuartas: Fionnuardas: Fionnórtas
—Ainmfhocal: Fireann
1.
féithuartas; fuacht beag le linn aimsir mheirbhe; scáth; nó aghaidh gaoithe agus cúl gréine ar aimsir bhróllaigh; beochan gaoithe.
+–
Teagann dáir ar bheithigh leis an bhfionnuartas = aimsir a thiocfadh buille fuar agus croidhiúil tharéis meirbheadais; an casadh nó an cor fuar a thigeas i lá meirbh samhraidh teacht an trathnóna; beochan gaoithe; cúl gréine agus aghaidh gaoithe etc.
Gabhfaidh mé amach ar an bhfionnórtas. Tá an teach an-te = lá samhraidh nuair a bheadh an-bhruthaíl san áit istigh
TUILLEADH (10) ▼
Siúil uait soir faoin sceich ar an bhfionnórtas = ón teas
Bhí fionnórtas breagh agaibh annsiúd faoin gclaidhe.
Teigheann na beithidhigh in órán le fionnuardas a thabhairt dóibh fhéin = amach i gcladach locha etc. ar theasbach
Tá fionnuartas san ngarraí siúd dhá ndeasuídís isteach faoi na sceacha agus na tomachaí, ach ní dheasóidh. Is fhearr leo a ndrioball a chur in áirde agus tosuighe ag caitheamh claidheachaí = beithigh ag rith le fíbín
Níl aon-fhionnórtas in áit ar bith inniu ach ag an bhfarraige. Ba bhreá an rud caitheamh dhíot agus síneadh san uisce
Oscail an fhuinneóig sin agus leig fionnuardas chugam. Tá mé bruite
Tá fionnórtas san trathnóna anois. Theastuigh sin uaidh. Ba bhróllach an lá é.
Is mór an t-íonadh nach gcailleann an áit istigh thú. Breá nach dteigheann tú amach ar na bhfionnuartas duit fhéin. Lá aoibhinn amuigh é
Ní fionnórtas a theastaíos uaimse ach teas. Tá na creaití fuaicht orm
Cuirfidh an deoladh beag (gaoithe) seo fionnuartas san lá
2.
réidh an achair.
+–
Thug an méid sin fhéin fionnórtas dhó ón bpian = fóirínt, réidh an achair
Thug an dochtúr deoch shuain dhó agus fuair sé fionnórtas breá go ceann cupla uair
TUILLEADH (3) ▼
Tá a cholainn ag bruith le teas. Nímé a mbeadh rud ar bith a thiúrfadh fionnórtas dó. Deoch ná tada
Níl fionnuartas ná fóirínt le fáil ar an bpian in Ifreann. Má theigheann tú ann, tá tú ann, agus as ní thiocfaidh tú
Tá sé ag dul thríd aoidheo anois, agus fionnórtas beag aige ar an tinneas.