fionnórtas, fionnuartas
—ainmfhocal, fireann
1.
féithuartas; fuacht beag le linn aimsir mheirbhe; scáth, nó aghaidh gaoithe agus cúl gréine ar aimsir bhróllaigh; beochan gaoithe.
+–
Teagann dáir ar bheithígh leis an bhfionnuartas — aimsir a thiocfadh buille fuar agus croíúil thar éis meirbheadais; an casadh nó an cor fuar a thigeas i lá meirbh samhraidh teacht an tráthnóna; beochan gaoithe; cúl gréine agus aghaidh gaoithe srl.
Gabhfaidh mé amach ar an bhfionnórtas. Tá an teach an-te — lá samhraidh nuair a bheadh an-bhrothaíl san áit istigh
TUILLEADH (10) ▼
Siúil uait soir faoin sceich ar an bhfionnórtas — ón teas
Bhí fionnórtas breá agaibh ansiúd faoin gclaí
Téann na beithígh in órán le fionnuartas a thabhairt dóibh fhéin — amach i gcladach locha srl. ar theaspach
Tá fionnuartas sa ngarraí siúd dhá ndeasaídís isteach faoi na sceacha agus na tomachaí, ach ní dheasóidh. Is fhearr leo a ndrioball a chur in airde agus tosaí ag caitheamh claíochaí — beithígh ag rith le fíbín
Níl aon fhionnórtas in áit ar bith inniu ach ag an bhfarraige. Ba bhreá an rud caitheamh dhíot agus síneadh san uisce
Oscail an fhuinneoig sin agus lig fionnuartas chugam. Tá mé bruite
Tá fionnórtas sa tráthnóna anois. Theastaigh sin uaidh. Ba bhrothallach an lá é.
Is mór an t-ionadh nach gcailleann an áit istigh thú. Breá nach dtéann tú amach ar na bhfionnuartas duit fhéin. Lá aoibhinn amuigh é
Ní fionnórtas a theastaíos uaimse ach teas. Tá na creaití fuaicht orm
Cuirfidh an deoladh beag (gaoithe) seo fionnuartas sa lá
2.
réidh an achair.
+–
Thug an méid sin fhéin fionnórtas dhó ón bpian — fóirithint, réidh an achair
Thug an dochtúr deoch shuain dhó agus fuair sé fionnórtas breá go ceann cupla uair
TUILLEADH (3) ▼
Tá a cholainn ag bruith le teas. Ní mé an mbeadh rud ar bith a thabharfadh fionnórtas dó. Deoch ná tada
Níl fionnuartas ná fóirithint le fáil ar an bpian in ifreann. Má théann tú ann, tá tú ann, agus as ní thiocfaidh tú
Tá sé ag dul thríd aothú anois agus fionnórtas beag aige ar an tinneas
fionnórtas in iontrálacha eile (5)
→
faon-
Fág an doras ar faonoscailt (nó faonosclaithe). Is mór an fionnórtas é ar an meirbheadas seo
→
fuaraigh
Tá fuarú breá anseo chois na habhann. Nach iontach ina dhiaidh sin go mbíonn fionnórtas i gcónaí in aice an uisce
→
deannóid
Oscail suas an doras agus lig isteach deannóidín ghaoithe. Is mór an fionnórtas ar na daoine í. Tá an oíche an-mheirbh … An bhfeiceann tú P. seo thuas nach dteagann aon deannóid ina ghaire ó bhliain go bliain ach an dá dhoras agus a bhfuil d'fhuinneoga sa teach dúnta aige. Is mór an seasamh aige é
→
deoladh
Tá fionnórtas beag anois ann ó d'éirigh an deoladh gaoithe sin. Déarfainn gurb é an lá is meirbhe a tháinig i mbliana é, ná b'fhéidir anuraidh
→
díon 1
Tá caitheamh agus cáineadh ar an tuí anois, ach sílim ina dhiaidh sin agus uileag nach raibh díon ar bith a chinnfeadh uirthi. Bhí teas agus teolaíocht inti sa ngeimhreadh agus fionnórtas sa samhradh. Ba é an teach ceann tuí teach na háite seo. An bhfeiceann tú céard atá acu anois: ballaí concrete a dheallródh madadh uisce agus na tileíní suaracha sin atá ar bogadh le chuile shoinneán. D'fhéadfá rud eicín a dhéanamh le díon oíche ghártha, ach ní fhéadfaidh tú tada a dhéanamh le sclátaí ach seasamh in do bhoideoide ag breathnú orthu dhá bhfuadach. Ach an leaba a thomhais na daoine dhóibh féin, codlaídís anois inti. Sin é adéarfainnse