Fionntarnach
—Ainmfhocal Buineann
—Fuaim fionntarnach. Ní fíonntarnach ná fiúntarnach
—
cineál fiataíle nó cíbe a fhásas ar mhótaí agus ar thalamh a bheadh i bhfad gan saothrú, agus nach n-íosfaí an féar de. Bíonn sí idteannta an fhraoigh freisin ar fhiarachaí nó ar riascannaí. Níl sí neamh-chosúil le caonach. Dath bán atá uirre (dearg atá seisceallach). Fuadaíonn an ghaoth san bhFómhar í. Easair mhaith bheitheach í. Cuirtear thrídh chíb l'aghaidh dín í freisin.
+–
Tabhair leat an fhionntarnach sin freisin. Tá sé cho maith leis an bhfraoch
Tá na barra garbha siúd aige uiliog ag déanamh fionntarnaí cheal a saothruithe
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh tú neart fionntarnaí suas ar na mótaí agus ar na riascannaí sin suas, má tá sé de rath ort a dhul dhá hiarraidh
Tá fionntarnach ag imeacht le gaoith inniu, tá sin