Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiontarnach
ainmfhocal, baineann
fuaim fionntarnach; ní fíonntarnachfiúntarnach
cineál fiataíle nó cíbe a fhásas ar mhótaí agus ar thalamh a bheadh i bhfad gan saothrú agus nach n-íosfaí an féar de. Bíonn sí i dteannta an fhraoigh freisin ar fhiarachaí nó ar riascannaí. Níl sí neamhchosúil le caonach. Dath bán atá uirthi (dearg atá seiscealach). Fuadaíonn an ghaoth sa bhfómhar í. Easair mhaith bheathach í. Cuirtear thrí chíb le aghaidh dín í freisin.
+
Tabhair leat an fhiontarnach sin freisin. Tá sé chomh maith leis an bhfraoch
Tá na barra garbha siúd aige uileag ag déanamh fiontarnaí cheal a saothraithe
TUILLEADH (2) ▼
Gheobhaidh tú neart fiontarnaí suas ar na mótaí agus ar na riascannaí sin suas má tá sé de rath ort a dhul dhá hiarraidh
Tá fiontarnach ag imeacht le gaoith inniu, tá sin