Firnéad
—Ainmfhocal: Fireann
—Ní bhaintear leas as ach i leagan .i. firnéad an aoin bheo, firnéad an bhéil bheo
—
geinealach, neach, deóraí, duine.
·
Ní raibh firnéad an aoin-bheo (/ɛ̄n′ /) ann romham = duine ar bith; neach an aoin
Ní thóigfeadh sé firnéad an bhéil bheo as an mbaile seo, hébrí cén fhuath a ghlac sé dóibh. Chreidim gur fuath fhéin é, ar scáth a ndearna siad air. Ach dhá laghad an araoid a chuireadh fadó air, tá an faltanas aige dóibh fós
Firnéad in iontrálacha eile (11)
→
comaoin
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chumaoin dó sin, ingeall ar é 'bheith 'na dhochtúr beithidheach.
+
→
beo 1
Níl firnéad a' bhéil bheo istigh romhat.
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan firnéad a' bhéil bheo ó Chois Fhairrge a chuaidh soir indiu, a's b'annamh leo(b).
Má chloisimse go dtiocfa firnéad a' bhéil bheo agaibh a (do?) chongnamh dhó, gheobha sib garbh é, feicfe sib fhéin air.
Níor fhan firnéad a' bhéil bheo aca(b) liom. B'éigean dom a theacht abhaile asam fhéin, trí mhíle bealaigh. Ach beidh a shliocht orra(b): déanfa mise an cleas céadna leo(b), uair eicínt eile.
Má fheicimse go dtaobhócha firnéad a' bhéil bheo agaibh an teach sin aríst, níl aon-ghnaithe aige a theacht abhaile. Fanadh sé ann má's breagh leis é.
Níl firnéad a' bhéil bheo agaibh, nach mara chéile atá. Dheamhan ceachtar agaibh le baint as margadh, hébrí cé leis a ndeacha sib chor a' bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo aca(b) a fuair obair ar an mbóthar, a's tá beirt a's triúr as a' teach as a' mbaile seo thoir ag obair ann. Neart fabhair a mhic ó! Is maith é an fabhar!
Níl firnéad an bhéil bheo díob le baint as margadh. 'Aon-mhuinntir amháin iad muinntir Árd-Raithin' mar adeireadh P. Mh. fadó, a's é a' sciolladóireacht ar na cliamhaineachaí.
Ní raibh firnéad a' bhéil bheo acab, ó dhuine liath go leanbh, nach raibh amuigh in mo dhiaidh. Deir tú gurb ait a chruthaigh mé a's na h-aodha a thabhairt uatha(b) chor a' bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo sa mbaile anois, nach bhfuil le gliomadóireacht. Is cosamhail go bhfuil iarmhuis mhóra le baint aisti, marach a' sclábhuidheacht atá léithe.