firnéad
—ainmfhocal, fireann
—ní bhaintear leas as ach i leagan .i. firnéad an aoin bheo, firnéad an bhéil bheo
—
ginealach, neach, deoraí, duine.
·
Ní raibh firnéad an aoin (/ɛ̄n′ /) bheo ann romham — duine ar bith; neach an aoin
Ní thógfadh sé firnéad an bhéil bheo as an mbaile seo, hé brí cén fhuath a ghlac sé dóibh. Chreidim gur fuath fhéin é, ar scáth a ndearna siad air. Ach dhá laghad an araoid a chuireadh fadó air, tá an faltanas aige dóibh fós
firnéad in iontrálacha eile (11)
→
comaoin
Dheamhan firnéad an bhéil bheo istigh in do phobal nach bhfuil faoi chomaoin dó sin, i ngeall ar é a bheith ina dhochtúr beithíoch.
+
→
beo 1
Níl firnéad an bhéil bheo istigh romhat.
TUILLEADH (9) ▼
Dheamhan firnéad an bhéil bheo ó Chois Fharraige a chuaigh soir inniu, agus b'annamh leob.
Má chloisimse go dtiocfaidh firnéad an bhéil bheo agaibh a chúnamh dhó, gheobhaidh sibh garbh é, feicfidh sibh fhéin air.
Níor fhan firnéad an bhéil bheo acub liom. B'éigean dom a theacht abhaile asam fhéin, trí mhíle bealaigh. Ach beidh a shliocht orthub: déanfaidh mise an cleas céanna leob uair eicínt eile.
Má fheicimse go dtaobhóidh firnéad an bhéil bheo agaibh an teach sin aríst, níl aon ghnaithe aige a theacht abhaile. Fanadh sé ann más breá leis é.
Níl firnéad an bhéil bheo agaibh nach mar a chéile atá. Dheamhan ceachtar agaibh le baint as margadh, hé brí cé leis a ndeachaigh sibh chor ar bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo acub a fuair obair ar an mbóthar, agus tá beirt agus triúr as an teach as an mbaile seo thoir ag obair ann. Neart fabhair a mhic ó! Is maith é an fabhar!
Níl firnéad an bhéil bheo díobh le baint as margadh. Aon mhuintir amháin iad muintir Ard Raithin, mar adeireadh P. Mh. fadó agus é ag sciolladóireacht ar na cliamhaineachaí.
Ní raibh firnéad an bhéil bheo acub, ó dhuine liath go leanbh, nach raibh amuigh in mo dhiaidh. Deir tú gurb ait a chruthaigh mé agus na haobha a thabhairt uathub chor ar bith.
Dheamhan firnéad an bhéil bheo sa mbaile anois nach bhfuil le gliomadóireacht. Is cosúil go bhfuil iarmhais mhóra le baint aisti murach an sclábhaíocht atá léithe.