—
beitheach beag a leigtear isteach i mbrocachaí le coiníní a chur asta; prioc de bhean nó de dhuine; scubaide géar greamannach de chailín, nó buachaill a bheadh amhla.
·
Tá sí ag imeacht annsin in a firéad
Ní fhaca mé aon-fhiréad ariamh mar thú. Níl rud ar bith ag dul uait
+–
Súile firéid atá aige = súile beaga
Ní thaithníonn súile a firéid siúd chor ar bith liom.
TUILLEADH (1) ▼
Nach maith ba léar dhó iad lena shúile firéid! Tá grinneas ann in a dheidh sin, dhá laghad iad a shúile
Firéad in iontrálacha eile (4)
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo aca(b) sin, nach dtiocfadh sé innte, a's nach gcuirfeadh sé na coiníní asta(b) amach a's deifir orra(b).
→
foscadh
M'anam muise má tá a fhios aige sin é, go bhfuil a fhios ag béal gan fascadh é. Tá sé sin ag imeacht mar a bheadh firéad ann, ag smúracht is 'chuile áit, agus níl claibín muilinn ar bith a chinnfeadh air, má fhaghann sé leigean ar scéal
→
dairt
Ní raibh ann go dtí seo ach caitheamh dairteachaí nó go dteagaidh an firéad siúd ann. Tá sé cho maith do L. a sheolta a árdú go dtí padhar eicínt eile an uair sin. Chuirfeadh an firéad sin dhá chrígh Mhuire thrín a chéile. Ní raibh dhá cheann an tighe sin ariamh gan a bheith thrí lasadh — ariamh ins an saoghal
→
dún
Má dhúineann sib súil na brocaighe agus an firéad a chur isteach in a cloigeann eile, mise imbannaí go mbeidh coiníní agaibh