Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
firéad
ainmfhocal, fireann
ginideach uatha agus ainmneach iolra: firéid
beathach beag a ligtear isteach i mbrocachaí le coiníní a chur astu; prioc de bhean nó de dhuine; scubaide géar greamannach de chailín, nó buachaill a bheadh amhla.
·
Tá sí ag imeacht ansin ina firéad
Ní fhaca mé aon fhiréad ariamh mar thú. Níl rud ar bith ag dul uait
+
Súile firéid atá aige — súile beaga
Ní thaitníonn súile a firéid siúd chor ar bith liom.
TUILLEADH (1) ▼
Nach maith ba léir dhó iad lena shúile firéid! Tá grinneas ann ina dhiaidh sin, dhá laghad iad a shúile

firéad in iontrálacha eile (4)

 
Dhá mbeadh firéad againn, dheamhan coinicéar beo acub sin nach dtiocfadh sé inti, agus nach gcuirfeadh sé na coiníní astub amach agus deifir orthub.
 
M'anam muise má tá a fhios aige sin é, go bhfuil a fhios ag béal gan foscadh é. Tá sé sin ag imeacht mar a bheadh firéad ann ag smúrthacht i chuile áit, agus níl claibín muilinn ar bith a chinnfeadh air má fhaigheann sé ligean ar scéal
 
dairt
Ní raibh ann go dtí seo ach caitheamh dairteachaí nó go dteaga an firéad siúd ann. Tá sé chomh maith do L. a sheolta a ardú go dtí paer eicínt eile an uair sin. Chuirfeadh an firéad sin dhá chrígh Mhuire thrína chéile. Ní raibh dhá cheann an tí sin ariamh gan a bheith thrí lasadh — ariamh sa saol
 
dún
Má dhúnann sibh súil na brocaí agus an firéad a chur isteach ina cloigeann eile, mise i mbannaí go mbeidh coiníní agaibh