Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
Fiú
Focal Ainmfhoclach agus Aidiachtach
1.
comhmaith; ionann agus.
+
Is fiú rud ar fónamh a cheannacht
An rud nach fiú a iarraidh, ní fiú a fháil
TUILLEADH (24) ▼
Breá nach n-iarrann tú air é? An rud nach fiú a iarraidh ní [fiú] a fháil
Is fiú punt é
Ní fiú é a fháil
Ní fiú a bhéilí é = ní fiú a chuid beatha é (ar scátha bhfuil sé a dhéanamh) = not worth his keep
Níor bhfiú an méid a thug sé air é
Is fiú leath-ghine eile go maith é = ba cheart leathghine eile a thabhairt air, agus bheadh sé saor air sin féin
Cé méad is fiú é, déarfá
Céard is fiú scadán agus a leath ite? (Freagra: is fiú a iompú ar an taobh eile)
Is mór is fiú an té nach dteagann falamh
Ní fiú do sheacht mallacht é; ní fiú tada é; ní fiú deich triuf é (puintín bioráin, biorán, trumpa gan teanga, cianóg, a dhath féin, an ghail a d'eireódh de do chac, lí léithe agus rl.) = it is worthless, useless
Ní fiú a dhath fhéin é
Ní fiú trumpa gan teanga é, ná gach a mbaineann leis
Ní fiú puintín bioráin a bhfuil de thinneas air
Ní fiú biorán rud den tsórt sin
Ní fiú an tairbhe an trioblóid = ní fiú a shaothar a fháil ar scáth a mbeidh de thoradh ar an saothar
Ní fiú easonóir a chur ort fhéin ingeall air
Ní fiú mórán an ceann céanna
Ní fiú an chruach ar fríodh dhá hanró
Is fiú go leór é, ach a mbeidh sé deasuithe
Is olc an chú nach fiú fead a leigean uirre
Más fiú dhá phunt é, sé a chlochneart é
Is fiú rud thairis sin é bail ó Dhia air, ach a mbeidh sé in éifeacht
Is fiú an t-airgead í a thug tú uirre. Amháin más fiú, go mb'fhearr dhuit gan bó ar bith a cheannacht faoi láthair, ach fanacht leat
Ó b'fhiú an dá phunt é, bhí sé cho maith a chaith chuige
+
Is fiú ór é le hais Sheáin = is fhearr go fada é ná Seán. (/f′ū wōr/ adeirtear. Cuirtear mh isteach eatorra)
Is fiú ór an teach atá aige le hais an tí seo thíos
TUILLEADH (4) ▼
Is fiú ór an aimsir atá anois ann thar mar a bhí sí le mí. Níor tháinic aon-lá ón Nollaig a leigfeadh luch as poll ná diabhal as Ifreann
B'fhiú mhór na muca a bhí aige ar ghualainn muca C. Ní raibh cruth ar bith ar chuid Ch.: dhá loisneachán mhóra chaite
Ní fiú trumpa gan teanga é san áit a mbeadh M. Mh. ach is fiú ór é in a dheidh sin i gcomórtas J. Ní fhágfadh sé putóig in J.
Is fiú ór inniu mé thar agus inné. Dhá gcloistheá ag blaoch le pian inné mé!
+
Is beag is fiú mo phunt ach a mbeidh tosaigh bróg ceannuithe as = is punt sporha a bhéas ann
Is beag is fiú an lá anois, má tá sé an cúig a chlog = tá sé beagnach caite
TUILLEADH (6) ▼
Ba bheag ab fhiú an chruach dhá mbeadh "leoraí" eile bainte ais = bheadh sí bun-chaite go maith
Ba bheag ab fhiú an garraí dhá bhfaghadh an bheirt againn lá eile air = bheadh sé ionann agus curha nó críochnuithe
Níl mo chuid fataí fhéin caite fós, ach is beag is fiú iad anois.
Ní mórán is fiú an portach siúd thar éis lá eile. Ba cheart go dtiúrfadh lá eile cúnamh maith air. Beidh deireadh mo chuid móna bainte annsin, imbliana
Ní mórán is fiú an lá, ach a mbeidh tú réidh annsin
Is mór is fiú an aimsir a bheith go breá
+
Ní fiú é tada a dhéanamh dhó
Ba mhaith ab fhiú é a dhéanamh, dhá bhfaghadh na daoine ionú air
TUILLEADH (3) ▼
Níorbh fhiú é ar bhain sé de chaint amach, agus gan ann ach sé pínne
Cén fáth gurbh fhiú mé eisean ag tabhairt a iníne dhom
Ní mheasaim gur fiú L. thusa a dhul ag tógáil a pháirt
+
Is fiú a dhul ag tógáil na feamainne = is fiú do na daoine etc
Níorbh fhiú dhó a dhul ag fiacha ar an dílleachta bocht sin
TUILLEADH (10) ▼
Is fiú dó (cumaoin a chur ar J.). Is iomdha cumaoin a chur J. air ariamh
M'anam gur fiú dhuit. Tá tú ag fáil rud uatha
Tabhair lá oibre dhó. Is fiú dhuit. Is maith é féin
Ní fiú dhom suí. Caithfidh mé a bheith ag greadadh
Ní fiú dhom dhá aistear a dhéanamh den chosamar (feamainne) seo. Baileóidh mé den aistear seo é. Níorbh fhiú dhom a dhul ag cur tabhairt eile orm fhéin
Ní fiú dhó é (a bhaint) go mbeidh sé uiliog ar aon-bhaint amháin
Ní fiú gan a dhéanamh in éindigh anois
Ba mhór ab fhiú don oíche, dhá dtosuíodh sé ag báisteach. Leigfeadh sé faoi = tá an oíche garbh anois, ach dhá dtosuíodh sé ag báisteach, lagfadh an stoirm
Ba mhór ab fhiú don mhóin, dhá bhfaghadh sí seachtain eile mar seo
Is mór is fiú don talamh an múirín báistí sin
+
Níorbh fhiú leis beannú dhom
Ní fiú leis amháin a thabhairt abhaile anois nuair atá a ghaisneas bainte aige as
TUILLEADH (5) ▼
B'fhiú leis a iasacht a fháil, ach ní fiú leis a thabhairt ar ais anois
Ní fiú lib dos a chur san mbearna siúd, ach cead a thabhairt do bheithigh na tíre a dhul isteach ann
Ní fiú leis dom an bhainis = ní shíleann sé gur fiú mé é go dtiúrfadh sé an bhainis dom
Ní fiú le m'athair an leabaidh fhéin dom, ach cead agam codladh ar an urlár
Ní fiú leis buíochas a ghlacadh le duine as ucht a dtugtar dó
2.
oiread agus, agus rl.
+
Níl fiú's na léine le mo chraiceann = níl oiread agus an léine le mo chraiceann; níl léine féin le mo chraiceann (go hiondúil bíonn "agus", "s" in a dheidh i ráití den tsórt seo, ach deirtear corruair é dhá uireasa. In a cheann sin, teagann an geiniúnach in a dhiaidh ach an uair a bheadh rud eicínt eile ar lorg an ainmfhocail le go bhfanfadh sé san mbun tuiseal)
Níl, ná fiú na scillinge aige
TUILLEADH (7) ▼
Níor dhúirt sé fiú's an fhocail = níor dhúirt sé fiú agus an focal
Go fiú's na pínne, níl sí aige
Ní thugann siad tada dhomsa. Go dtí fiú agus an píopa tobac, ceannuím fhéin é
Go fiú's an méid sin, níor dhúirt sí é
Níl go fiú's an bharr-iall ag gabhail liom
Níl faice san teach seo, go fiú's an casúr fhéin
Níor chuir sé chuige ná uaidh. Go fiú agus rádh leis a dhul abhaile, níor dhúirt sé (níor chuala mé "fiú amháin" agus níl sé san gcaint ach san meid go dtáinig sé ó leabhra nó ó "ghaeilgeóirí". An le goirid a tháinig sé isteach san scríbhinn fhéin?)

Fiú in iontrálacha eile (50+)

 
Níorbh fhiú d'aonduine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé indiaidh a chéile chor ar bith
 
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cáil an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
 
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraint a láimhe aice. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon-chor. Ní ghabhfaidh fial go hIfreann, adeir siad
 
Ní fiú dhuinn corraí anois go fóilleach beag. Fáinneóidh lá faoi cheann ala an chloig
 
Tóigfeamuid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon-deá-ghothadh ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhuinn a leigean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
 
fóir
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghárha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leabaidh a chéile le cúnamh dé
 
Ba é an lá ba mheasa é 'chonnaic mé ariamh. Ní leigfeadh sé luch as poll ná diabhal as Ifreann. Bhí mé do mo chaidhleadh le báisti(gh), a's gan fiú's a' cóta mór fhéin orm.
 
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread's fhága(nn)s an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht, a's ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí 'caitheamh a bhróga le bean).
 
ceal 1
Ó, ní cheal cabaireachta atá ort! Is mór is fiú dhuit nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó bhánócha t'athair! (putach a bhíodh a' síorádh i gcomhnuidhe).
 
Ní fhéadfadh sé rud a' bith a cheartú duit — go fiú's an rud is fánaighe beo — gan na goithtí sin. Goithtí ar fad é.
 
cleite
Ní cleite deas é sin, le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abró(chth)á fiú's a's ''gcead do'n chomhluadar', a's fios aghad na daoine gnaoidheamhla a bhí ann!
 
cliar
Ní fiú biorán a' chliar sin, má tá tú taobh léithe. Ach is olc í an chasacht.
 
cobha
Dheamhan a' fiú biorán an méid sin. Níl ann ach cabh, a's imtheocha sé aríst.
 
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphighinn fhéin. 'Tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní' adeirtear.
+
Well ní ag amhdú an uilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo línn-sa aríst go bráth, diabhal mise ann go leagfa mé air. Ba bheag an náire a bhí air, a's a ndearna mé de chumaoin dó, narbh fhiú leis a thoidheacht chuig sochraide m'athar.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith mar a thárla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfa tú ball na h-áite go gcuire mé cumaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
 
(D)ar ndóigh, maran i gcoimhfhios a rinne sé, is ingan fhios a rinne sé é, ach nach shin é 'bhfuil 'na thimcheall? Ní fiú a dhul a' sáruightheacht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan's móide a leath-oiread cainnte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
conán
Is mór is fhiú conán socair, sásta mar sin, nach mbeidh áird aige ar thada, ach a ghnaithe a dhéanamh.
+
cora
Tá carra spairtighthe ar bruach ann, nar tóigeadh as a' scaradh ariamh. Dheamhan a' fiú trompa gan teanga anois í, ná aon-mhóin eile a fhaghas an sioc in a scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú nach bhfuil aon-chíos ar a' gcainnt, nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an cneagaire sin carra chainnte air, muis. Cuirfe mé geall leat nach mórán carra chainnte a chuirfeas sé ar aonduine ag doirse tighthe ósta, lá aonaigh, má bhíonn sé ag (d)ul isteach ag ól béiréiste!
+
cíos
Dheamhan cíos na camhlach a bheidheas ar a' gcéad líne eile 'íoc dhá réir sin. Muide inDomhnach a bhain a' méid sin cirt amach de na tighearnaí, ach 'ní hé an té a shaothruighea(nn)s fhagha(nn)s' adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shógh ag duine eicínt dar ndóigh.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú do chuid de na daoine nach mbíonn aon-chíos ar a' gcainnt, nó bheidís bánuighthe = daoine a mbíonn iomarca le rádh aca.
+
baile
Ba mhór ab fhiú dhuinn, gur choinnigh sé ó'n mbáistigh, go raibh muid ar ghort a' bhaile.
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhiú dhi a dhul chomh fada ó bhaile leis, scáth a raibh le n-innseacht aice (scéal a d'innseochthaidhe, nó a leigfidhe amach, scathamh ó bhaile).
+
Scaoilfinn bealach leis a' mbuachaill sin, dhá mbeadh fhios agham, go bhfaghainn aon-bhuachaill eile go réidh. Dheamhan a' fiú deich triuf é. Is mó atá sé sa mbealach orm.
TUILLEADH (5) ▼
Is mór is fiú dhuinn tús a' bhealaigh (tosach, toiseach a' bhealaigh) a bheith dhínn (tharainn) ar aon-chor.
Ó thárla nach mbeidh mo bhealach fhéin siar ann aríst go ceann scaith(imh) is mór is fiú dhom, gur thug tú aniar í.
Dhá mbeadh bealach duine Gaillimh, go minic, is iomdha rud a gheobhfadh sé ann ar shlatmhargadh, ach níorbh fhiú de dhuine an t-aistear a chuir air fhéin, scáth rudaí fánacha, mara mbeadh slighe a's seifte aige, le na thabhairt ann.
Is fiú coinneál as a bhealach siúd = dá dteagthá salach air, bheadh scéal agad air.
Mara bhfuil tú ach cupla pighinn as a' mbealach, cé fiú a bheith trácht orra(b).
 
'Sé raibh ann conuas de'n fheamuinn bealthuighthe sin, ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chuir air fhéin.
 
beart
Is fiú greim a choinneál ar a' bpighinn fhéin, arae is beag a' rud a' dhéana(nn)s leas. Ar chuala tú ariamh é: 'tomsuigheann brobh beart a's líontar sac le póiríní'.
 
'Bhfaca tú uair chomh breagh léithe ariamh ar choruice dhubh na bliadhna. Má tá sí buille fuar fhéin tá sí teann tirm, agus dar príocaidhe is mór is fiú an triomach.
 
Is mór is fiú dhi duine eicínt a bheith aice, le corr-chreachlaois a dheanamh a (de) chongnamh dhi.
 
crinn
B'fhiú dhuit an churrach thiar a's currach a' bhaile seo a fheiceál a' crinneadh a chéile 'sna geallta. Dheamhan ionga ná ordlach a bhí ag ceachtar aca(b)ar a chéile, nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaidh na maidí in ascar ar a' dream thiar, a's chailleadar an geall.
 
Dhá bhfáighteá tada ó'n dochtúr a ghearrfadh na crochaillí sin ort, b'fhiú dhuit a dhul chuige, Dia Céadaoin.
 
Ní mórán le gur bhfiú do dhuine síolta a chuir (cur) amudha chor a' bith le na sean-chrúbáin bhradacha sin, marach go mbeadh leisce ort iad 'fhágáil 'do dhiaidh.
+
Scread chasta ort, a chimleacháinín, níorbh fhiú liom a dhul a' salughadh mo lámha leat.
TUILLEADH (2) ▼
Marach narbh fhiú liom a dhul a' fiachadh ort a chimleacháin, mo choinsias ' dar m'anam, ní fhágfá ball na h-áite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
Dar brigh an leabhair muise, sin é an cimleachán a fhobair an teach a chur thrídh na chéile. Níorbh fhiú le duine 'bith araoid a chur air. Marach sin gheobhadh sé faoi na for(bh)aí é, a's badh é a dhéanamh leis é, freisin.
+
Ní fiú deich triuf a bhfuil aige fré chéile. Céard é fhéin ach talamh curásach, a's crícheannaí as éadan a chéile.
TUILLEADH (2) ▼
Mara bhfuil de thalamh aige ach an churásach ghránda siúd, atá síos le íochtar, dheamhan mórán is fiú é.
Tá muid meathta 'chuile bhliadhain a' gort-ghlanadh curásaigh, a's ní fiú an tairbhe an trioblóid, in a dheidh sin.
 
Droch-chríoch ar a shean-'bhicycle' aige! Dheamhan ceo, le go dtiubhrad sé chuig an siopa thú le cruadhóig, a's diabhal aithne air 'na dheidh sin, nach fiú ór é.
+
beo 1
B'fhiú ór duitse, dhá mbeitheá, chomh beo, chomh bíodhgamhail leis a' ngasúr sin thíos ag S. D.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fiú dhó a rádh gur eirigh tada dhó: tá sé beo, slán.
Níl aon-teine beo is teocha na teine mhóna, má bhíonn móin cheart ann, ach maidir leis a' spaidealach atá suas annsin, ní fiú anró 'bith a fhaghail uaithe.
 
Dheamhan mórán is fiú do'n fhéar an beodhchan gaoithe seo. Dá neartuigheadh sí, déarfainn rud eicínt.
 
Ní fiú dhuit a dhul a' bacadh leis a' gclaidhe sin a bhiorrú, go mbí na claidhtheachaí uileag ar aon-bhiorrú amháin aghainn.
 
blogam
Tá bainne dhá cheann sa gcanna sin anois, a's feiceann tú fhéin nach bhfuil dhá bhlogam ann. Ní fiú í 'bhleághan chor a' bith níos mó.