Foclóir Mháirtín Uí Chadhain
fiú
focal ainmfhoclach agus aidiachtach
1.
comh maith; ionann is.
+
Is fiú rud ar fónamh a cheannacht
An rud nach fiú a iarraidh, ní fiú a fháil
TUILLEADH (24) ▼
Breá nach n-iarrann tú air é? An rud nach fiú a iarraidh ní fiú a fháil
Is fiú punt é
Ní fiú é a fháil
Ní fiú a bhéilí é — ní fiú a chuid beatha é (ar scátha bhfuil sé a dhéanamh); not worth his keep
Níorbh fhiú an méid a thug sé air é
Is fiú leathghine eile go maith é — ba cheart leathghine eile a thabhairt air agus bheadh sé saor air sin féin
Cé méad is fiú é, déarfá
Céard is fiú scadán agus a leath ite? (Freagra: is fiú a iompú ar an taobh eile)
Is mór is fiú an té nach dteagann folamh
Ní fiú do sheacht mallacht é; ní fiú tada é; ní fiú deich triuf é (puintín bioráin, biorán, trumpa gan teanga, cianóg, a dhath féin, an ghail a d'éireodh de do chac, lí léithe srl.) — it is worthless, useless
Ní fiú a dhath fhéin é
Ní fiú trumpa gan teanga é ná gach a mbaineann leis
Ní fiú puintín bioráin a bhfuil de thinneas air
Ní fiú biorán rud den tsórt sin
Ní fiú an tairbhe an trioblóid — ní fiú a shaothar a fháil ar scáth a mbeidh de thoradh ar an saothar
Ní fiú easonóir a chur ort fhéin i ngeall air
Ní fiú mórán an ceann céanna
Ní fiú an chruach ar frítheadh dhá hanró
Is fiú go leor é ach a mbeidh sé deasaithe
Is olc an chú nach fiú fead a ligean uirthi
Más fiú dhá phunt é, sé a chlochneart é
Is fiú rud thairis sin é, bail ó Dhia air, ach a mbeidh sé in éifeacht
Is fiú an t-airgead í a thug tú uirthi. Amháin más fiú, go mb'fhearr dhuit gan bó ar bith a cheannacht faoi láthair ach fanacht leat
Ó b'fhiú an dá phunt é, bhí sé chomh maith a chaitheamh chuige
+
Is fiú ór é le hais Sheáin — is fhearr go fada é ná Seán. /f′ū wōr/ adeirtear. Cuirtear mh isteach eatarthu
Is fiú ór an teach atá aige le hais an tí seo thíos
TUILLEADH (4) ▼
Is fiú ór an aimsir atá anois ann thar mar a bhí sí le mí. Níor tháinig aon lá ón Nollaig a ligfeadh luch as poll ná diabhal as ifreann
B'fhiú ór na muca a bhí aige ar ghualainn muca C. Ní raibh cruth ar bith ar chuid Ch.: dhá luisneachán mhóra chaite
Ní fiú trumpa gan teanga é san áit a mbeadh M. Mh. ach is fiú ór é ina dhiaidh sin i gcomórtas J. Ní fhágfadh sé putóig in J.
Is fiú ór inniu mé thar is inné. Dhá gcloistheá ag blaoch le pian inné mé!
+
Is beag is fiú mo phunt ach a mbeidh tosaigh bróg ceannaithe as — is punt sportha a bheas ann
Is beag is fiú an lá anois, má tá sé an cúig a chlog — tá sé beagnach caite
TUILLEADH (6) ▼
Ba bheag ab fhiú an chruach dhá mbeadh leoraí eile bainte ais — bheadh sí bunchaite go maith
Ba bheag ab fhiú an garraí dhá bhfaigheadh an bheirt againn lá eile air — bheadh sé ionann is curtha nó críochnaithe
Níl mo chuid fataí fhéin caite fós, ach is beag is fiú iad anois.
Ní mórán is fiú an portach siúd thar éis lá eile. Ba cheart go dtabharfadh lá eile cúnamh maith air. Beidh deireadh mo chuid móna bainte ansin i mbliana
Ní mórán is fiú an lá ach a mbeidh tú réidh ansin
Is mór is fiú an aimsir a bheith go breá
+
Ní fiú é tada a dhéanamh dhó
Ba mhaith ab fhiú é a dhéanamh, dhá bhfaigheadh na daoine ionú air
TUILLEADH (3) ▼
Níorbh fhiú é ar bhain sé de chaint amach agus gan ann ach sé pínne
Cén fáth gurbh fhiú mé eisean ag tabhairt a iníne dhom
Ní mheasaim gur fiú L. thusa a dhul ag tógáil a pháirt
+
Is fiú a dhul ag tógáil na feamainne — is fiú do na daoine srl.
Níorbh fhiú dhó a dhul ag fiachadh ar an dílleachta bocht sin
TUILLEADH (10) ▼
Is fiú dó (comaoin a chur ar J.). Is iomaí comaoin a chur J. air ariamh
M'anam gur fiú dhuit. Tá tú ag fáil rud uathu
Tabhair lá oibre dhó. Is fiú dhuit. Is maith é féin
Ní fiú dhom suí. Caithfidh mé a bheith ag greadadh
Ní fiú dhom dhá aistear a dhéanamh den chosamar (feamainne) seo. Baileoidh mé den aistear seo é. Níorbh fhiú dhom a dhul ag cur tabhairt eile orm fhéin
Ní fiú dhó é (a bhaint) go mbeidh sé uileag ar aon bhaint amháin
Ní fiú gan a dhéanamh in éindí anois
Ba mhór ab fhiú don oíche dhá dtosaíodh sé ag báisteach. Ligfeadh sé faoi —tá an oíche garbh anois, ach dhá dtosaíodh sé ag báisteach, lagfadh an stoirm
Ba mhór ab fhiú don mhóin dhá bhfaigheadh sí seachtain eile mar seo
Is mór is fiú don talamh an múirín báistí sin
+
Níorbh fhiú leis beannú dhom
Ní fiú leis amháin a thabhairt abhaile anois nuair atá a ghaisneas bainte aige as
TUILLEADH (5) ▼
B'fhiú leis a iasacht a fháil, ach ní fiú leis a thabhairt ar ais anois
Ní fiú libh dos a chur sa mbearna siúd ach cead a thabhairt do bheithígh na tíre a dhul isteach ann
Ní fiú leis dom an bhainis — ní shíleann sé gur fiú mé é go dtabharfadh sé an bhainis dom
Ní fiú le m'athair an leaba fhéin dom, ach cead agam codladh ar an urlár
Ní fiú leis buíochas a ghlacadh le duine as ucht a dtugtar dó
2.
oiread agus, srl.
+
Níl fiú is na léine le mo chraiceann — níl oiread agus an léine le mo chraiceann; níl léine féin le mo chraiceann (go hiondúil bíonn agus, s ina dhiaidh i ráití den tsórt seo, ach deirtear corruair é dhá uireasa. Ina cheann sin, teagann an ginideach ina dhiaidh ach nuair a bheadh rud eicínt eile ar lorg an ainmfhocail le go bhfanfadh sé sa mbuntuiseal)
Níl, ná fiú na scillinge aige
TUILLEADH (7) ▼
Níor dhúirt sé fiú is an fhocail — níor dhúirt sé fiú agus an focal
Go fiú is na pínne, níl sí aige
Ní thugann siad tada dhomsa. Go dtí fiú is an píopa tobac, ceannaím fhéin é
Go fiú is an méid sin, níor dhúirt sí é
Níl go fiú is an bharriall ag gabháil liom
Níl faice sa teach seo, go fiú is an casúr fhéin
Níor chuir sé chuige ná uaidh. Go fiú is rá leis a dhul abhaile, níor dhúirt sé (níor chuala mé "fiú amháin" agus níl sé sa gcaint ach sa meid go dtáinig sé ó leabhra nó ó "ghaeilgeoirí". An le gairid a tháinig sé isteach sa scríbhinn fhéin?)

fiú in iontrálacha eile (50+)

 
Nach tú atá ainbhiosach a dhul ag rá rud den tsórt sin i láthair comhluadair agus gan fiú is 'i gcead e (don) chomhluadar' a rá
 
Níorbh fhiú d'aon duine a dhul ag fiachadh ar an bhfeithideach bocht sin. Níl ann ach na cheithre eite. Is beag le go bhfuil sé i ndiaidh a chéile chor ar bith
 
Ghabhfainn ar farraige inniu dhá mbeadh fear fobhairne agam, ach sin é an buille. Cá'il an fear fobhairne ab fhiú dhuit a thabhairt leat den bhaile seo. Níl a leithide ann
 
Diabhal mé go bhfuil sí cóir frasach faoi dhá mbeadh tarraingt a láimhe aici. Is mór is fiú an fhairsingeacht ar aon chor. Ní ghabhfaidh fial go hifreann adeir siad
 
Ní fiú dhúinn corraí anois go fóilleach beag. Fáinneoidh lá faoi cheann ala an chloig
 
Tógfaidh muid an féar le faitíos na fálach thuas. Níl aon dea-ghotha ar an spéir sin ó dheas. Níorbh fhiú dhúinn a ligean amach beag ná mór ar scáth an scaláinín sin
 
fóir
An bhfuil tú ag fáil fóirín ar bith ar an bpian … is mór is fiú dhuit a dhuine bhoicht gur bhodhraigh an phian ghártha siúd a bhí ort inné. B'fhéidir go dtéaltódh sí i leaba a chéile le cúnamh dé
 
Ba é an lá ba mheasa é a chonaic mé ariamh. Ní ligfeadh sé luch as poll ná diabhal as ifreann. Bhí mé do mo chaidhleadh le báistigh, agus gan fiú is an cóta mór fhéin orm.
 
Ní fhágann sé M. chor ar bith, ach an oiread is fháganns an chaolóid riabhach an chuach. Is maith atá sé dhá saothrú an duine bocht agus ní móide gur fiú an tairbhe an trioblóid (fear a bhí ag caitheamh a bhróga le bean).
 
ceal 1
Ó, ní cheal cabaireachta atá ort! Is mór is fiú dhuit nach bhfuil aon chíos ar an gcaint, nó bhánófa t'athair! (putach a bhíodh ag síor-rá i gcónaí)
 
Ní fhéadfadh sé rud ar bith a cheartú duit — go fiú is an rud is fánaí beo — gan na goití sin. Goití ar fad é.
 
cleite
Ní cleite deas é sin le tarraingt anuas i láthair comhluadair. Agus ní abrófá fiú is i gcead don chomhluadar, agus fios agat na daoine gnaíúla a bhí ann!
 
cliar
Ní fiú biorán an chliar sin má tá tú taobh léithe. Ach is olc í an chasacht.
 
cobha
Dheamhan an fiú biorán an méid sin. Níl ann ach cobha, agus imeoidh sé aríst.
 
B'fhiú do dhuine a bheith coinneálach ar a leithphínn fhéin. Tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní, adeirtear.
+
Well ní ag amhdú an oilc é, ach má thagann an t-ógánach sin in mo linnse aríst go brách, diabhal mise ann go leagfaidh mé air. Ba bheag an náire a bhí air agus a ndearna mé de chomaoin dó, nárbh fhiú leis a theacht chuig sochraide m'athar.
TUILLEADH (1) ▼
Is maith mar a tharla! Ó casadh isteach anois thú, ní fhágfaidh tú ball na háite go gcuire mé comaoin eicínt ort. B'fhiú dhom freisin!
 
Ar ndóigh, muran i gcomhfhios a rinne sé, is i ngan fhios a rinne sé é, ach nach in é a bhfuil ina thimpeall? Ní fiú a dhul ag sáraíocht faoi, scáth a bhfuil de dhochar déanta. Dheamhan is móide a leathoiread cainte a bhainfeadh scéal mór amach.
 
conán
Is mór is fhiú conán socair sásta mar sin, nach mbeidh aird aige ar thada ach a ghnaithe a dhéanamh.
+
cora
Tá cora spairtithe ar bruach ann nár tógadh as an scaradh ariamh. Dheamhan an fiú trumpa gan teanga anois í, ná aon mhóin eile a fhaigheas an sioc ina scaradh. Ach gur mór sa mbealach í.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú nach bhfuil aon chíos ar an gcaint nó dheamhan mórán duine a gcuirfeadh an creagaire sin cara chainte air muis. Cuirfidh mé geall leat nach mórán cara chainte a chuirfeas sé ar aon duine ag doirse tithe ósta lá aonaigh má bhíonn sé ag dul isteach ag ól béiréiste!
+
cíos
Dheamhan cíos ná cabhlach a bheas ar an gcéad líne eile a íoc dhá réir sin. Muide i nDomhnach a bhain an méid sin cirt amach de na tiarnaí, ach ní hé an té a shaothraíonns a fhaigheanns. adeir siad. Is mór is fiú go mbeidh a shó ag duine eicínt dar ndóigh.
TUILLEADH (1) ▼
Is mór is fiú do chuid de na daoine nach mbíonn aon chíos ar an gcaint, nó bheidís bánaithe — daoine a mbíonn iomarca le rá acu.
+
baile
Ba mhór ab fhiú dhúinn gur choinnigh sé ón mbáistigh go raibh muid ar ghort an bhaile.
TUILLEADH (1) ▼
Níorbh fhiú dhi a dhul chomh fada ó bhaile leis scáth a raibh le n-inseacht aici (scéal a d'inseofaí, nó a ligfí amach, scaitheamh ó bhaile)
+
Scaoilfinn bealach leis an mbuachaill sin dhá mbeadh a fhios agam go bhfaighinn aon bhuachaill eile go réidh. Dheamhan an fiú deich triuf é. Is mó atá sé sa mbealach orm.
TUILLEADH (5) ▼
Is mór is fiú dhúinn tús an bhealaigh (tosach an bhealaigh) a bheith dhínn (tharainn) ar aon chor.
Ó tharla nach mbeidh mo bhealach fhéin siar ann aríst go ceann scaithimh, is mór is fiú dhom gur thug tú aniar í.
Dhá mbeadh bealach duine Gaillimh go minic, is iomaí rud a gheobhadh sé ann ar shladmhargadh, ach níorbh fhiú do dhuine an t-aistear a chur air fhéin scáth rudaí fánacha, mura mbeadh slí is seifte aige lena thabhairt ann.
Is fiú coinneáil as a bhealach siúd — dá dteagtá salach air, bheadh scéal agat air.
Mura bhfuil tú ach cupla pínn as an mbealach, cé fiú a bheith ag trácht orthub.
 
'Sé a raibh ann cunús den fheamainn bealaithe sin ar locháin le íochtar. Níorbh fhiú do dhuine mórán dá saothar a chur air fhéin.
 
beart
Is fiú greim a choinneáil ar an bpínn fhéin, arae is beag an rud a dhéananns leas. Ar chuala tú ariamh é: tiomsaíonn brobh beart agus líontar sac le póiríní.
 
An bhfaca tú uair chomh breá léithe ariamh ar choraice dhubh na bliana. Má tá sí buille fuar fhéin, tá sí teann tirim, agus dar príocaí, is mór is fiú an triomach.
 
Is mór is fiú dhi duine eicínt a bheith aici le corrchreachlaois a dhéanamh a (de) chúnamh dhi.
 
crinn
B'fhiú dhuit an churach thiar agus curach an bhaile seo a fheiceáil ag crinneadh a chéile sna geallta. Dheamhan ionga ná orlach a bhí ag ceachtar acub ar a chéile nó go raibh siad fhoisceacht dhá bhuille iomramha de cheann cúrsa. Sin é an uair a chuaigh na maidí in ascar ar an dream thiar, agus chailleadar an geall.
 
Dhá bhfaighteá tada ón dochtúr a ghearrfadh na crochaillí sin ort, b'fhiú dhuit a dhul chuige Dia Céadaoin.
 
Ní mórán le gurbh fhiú do dhuine síolta a chur amú chor ar bith le na seanchrúbáin bhradacha sin, murach go mbeadh leisce ort iad a fhágáil i do dhiaidh.
+
Scread chasta ort, a chuimleacháinín, níorbh fhiú liom a dhul ag salú mo lámha leat.
TUILLEADH (2) ▼
Murach nárbh fhiú liom a dhul ag fiachadh ort a chuimleacháin, mo choinsias is dar m'anam, ní fhágfá ball na háite go dtugainn do chuid fola le n'ól duit.
Dar brí an leabhair muise, sin é an cuimleachán a fhóbair an teach a chur thrína chéile. Níorbh fhiú le duine ar bith araoid a chur air. Murach sin, gheobhadh sé faoi na foraí é, agus ba é a dhéanamh leis é freisin.
+
Ní fiú deich triuf a bhfuil aige fré chéile. Céard é fhéin ach talamh curásach agus crígheannaí as éadan a chéile.
TUILLEADH (2) ▼
Mura bhfuil de thalamh aige ach an churásach ghránna siúd atá síos le íochtar, dheamhan mórán is fiú é.
Tá muid meata chuile bhliain ag gortghlanadh curásaigh agus ní fiú an tairbhe an trioblóid ina dhiaidh sin.
 
Droch-chríoch ar a sheanbhicycle aige! Dheamhan ceo le go dtabharfadh sé chuig an siopa thú le cruóig, agus diabhal aithne air ina dhiaidh sin nach fiú ór é.
+
beo 1
B'fhiú ór duitse dhá mbeifeá chomh beo chomh bíogúil leis an ngasúr sin thíos ag S. D.
TUILLEADH (2) ▼
Ní fiú dhó a rá gur éirigh tada dhó: tá sé beo slán.
Níl aon tine beo is teocha na tine mhóna má bhíonn móin cheart ann, ach maidir leis an spadalach atá suas ansin, ní fiú anró ar bith a fháil uaithi.
 
Dheamhan mórán is fiú don fhéar an beochan gaoithe seo. Dá neartaíodh sí, déarfainn rud eicínt.
 
Ní fiú dhuit a dhul ag bacadh leis an gclaí sin a bhiorú go mbí na claíochaí uileag ar aon bhiorú amháin againn.