Fiuntach
—Aidiacht
—níor chuala mé aon-síneadh ar an ú ariamh ach san leagan atá thíos "ceird ghlan fhiúntach", ach b’fhéidir gur fóinteach (fúinteach) é sin ó cheart
—
cóir, "spridiúil", fial faoi ól agus faoi bhiadh agus faoi airgead agus a leithidí. (Cialluíonn sé "gnaoidhiúil" gan aon-bhaint le biadh ná deoch leis scaití, ach is annamh é. Féile is mó a bhíos i gceist leis, go háirid flaithiúlacht le ól).
+–
Tá sé siúd an-fhiuntach. Sheas sé dhá dheoch dom an lá cheana
Dheamhan maith do dhuine a bheith ro-fhiuntach, agus ag tabhairt óil do bhacaigh nach mbeidh ach ag forcamhás ort, agus ag cur leadhb dhá dteanga amach fút nuair a bhéas do chuid ólta
TUILLEADH (1) ▼
Níor casadh in aon-teach ariamh thú cho fiuntach leis an teach sin. Bhí dalladh bídh agus óil le fáil ariamh ann ag Feara Fáil
·
Tá sí an-fhiuntach, adeir siad. 'Ar ndú diúltaigheamuide di. Tá bualadh mór in a diaidh ar aon-nós = "cóir"; bean a mbeadh sé de cháil uirre go raibh sí an-leighe léithe féin
+–
Níl poll ná puirín ar an gcóta sin té (cé) gur fiuntaí poll na píosa = gur gnaoidhiúla; gurb onóraí
B'fhiuntaí go mór duit a dhul isteach ann idir chlár agus chuinneóg agus an bhean a iarraidh (le pósadh) go breá slachtar, ná a bheith ag imeacht i bpoill agus i bpruchógaí, agus dhá hiarraidh ar nós chuma liom
TUILLEADH (1) ▼
B'fhiuntaí go mór dó an rud a rádh amach ná a bheith dhá chéilt mar sin. Is gránna an rud an cheilt
·
"Tá ceird ghlan fhiúntach (fóinteach?) aige, agus marach go bhfuil chuirfí in éindigh le Tom Costello ag déanamh stannaí fuail é" (leathfhocal atá ag cuid de na seandaoine ag caint faoi fhear oibre nó ceirde; is cosúil gur duine eicínt adúirt é timpeall agus thrí nó cheithre fhichid bliain ó shoin)
Fiuntach in iontrálacha eile (6)
→
baile
Dhá bhfágtaí 'chuile dhuine sa mbaile chomh fiuntach leis, ní bheadh aon-ughdar casaoide ag na daoine! = bhí neart óil ar a' tsochraide!
→
fuar 2
'Ar ndó' ní féidir droichead a dhéanamh de chosa fuara ná den ghiolla gan cuireadh ach an oiread leis an té a fuair cuireadh glan fiuntach. Má bhíonn fear ar bith ag roinnt óil caifidh sé gearradh éadain a thabhairt dóibh, bídís iarrta, nó ná bíodh